Scamall siúcra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Flas candaí)
Bosca Sonraí BiaScamall siúcra
Sonraí
Cineálcandaí siúcra
Príomh-chomhábhairsiúcra
Beirt chailín ag baint taitneamh as scamall siúcra.
Scamall siúcra á ullmhú ag bean ag aonach.
Flas candaí

Is siúcra sníofa ar chipín é scamall siúcra. Toisc gur aer formhór an chomhdhéanaimh, bíonn achar mór ar an scamall. Is gnách scamall siúcra a dhíol ag aontaí nó sorcais nó ag pictiúrlanna. Cuirtear dathúchán bia ann chun dath an tsiúcra a thiontú go dtí dath eile. Díoltar i málaí freisin é.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chruthaigh William Morrison agus John C. Wharton scamall siúcra don chéad uair i 1897. Bhí fáil orthu go forleathan don chéad uair ag an Aonach Domhanda i St. Louis i 1904. Glaodh "Fairy Floss" orthu. Thaitin siad go mór leis an bpobal agus bhí éileamh mór orthu.

Conas mar a dhéantar iad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Doirtear siúcra agus dathúchán bia i gcuachán. Castar an cuachán go mear agus leáitear an siúcra sa chuachán. Fáisctear an siúcra leáite amach trí phoill bhídeacha de bharr cumhacht lártheifeach. Scaipeann an siúcra i mhias mhór mhiotal. Bailíonn an té atá á dhéanamh an siúcra sníofa seo ar chipín nó lena láimhe.

Is milseogra cosúil le scamall siúcra é Pashmak ón Iaráin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]