Fionntán de Brún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFionntán de Brún
Beathaisnéis
Breith1969
54/55 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmollamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é Fionntán de Brún. Rugadh agus tógadh é i mBéal Feirste. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín 2005), duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2004. Is é Béal na Péiste a chéad úrscéal, saothar ar bronnadh an chéad duais don úrscéalaíocht air ag Oireachtas 2022. Is i réimse an léinn is mó atá saothar foilsithe aige, ar na saothair is déanaí leis tá Revivalism and Modern Irish Literature (Cló Ollscoil Chorcaí, 2019) agus, mar eagarthóir, Léachtaí Cholm Cille 52 – Stair agus Ficsean ó Beatha Cholm Chille go Bealach na Spáinneach (2022) agus Léachtaí Cholm Cille 51 Scríobhaithe an Tuaiscirt, 1650–1900 (2021).

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Belfast and the Irish Language - ISBN 1851829393, 2006
  • Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile - ISBN 0953277771
  • Letter from my Foster Mother and other Stories - ISBN 1782012672, 2020
  • Revivalism and Modern Irish Literature: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal - ISBN 178205314X, 2019
  • Béal na Péiste, a chéad úrscéal, buaiteoir na chéad duaise don úrscéal i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2022

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]