Jump to content

Fige choiteann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFige choiteann
Ficus carica Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo defige, breba (en) Aistrigh, ficin (en) Aistrigh, fig juice (en) Aistrigh, fig seed (en) Aistrigh, fig fruit oil (en) Aistrigh agus common fig wood (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN63527 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineMoraceae
GéineasFicus
SpeiceasFicus carica Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is speiceas Áiseach de phlanda bláthanna é Ficus caricabainian as Gaeilge, san fhine Moraceae, ar a dtugtar an fhige choiteann, nó an crann fige).

Moraceae » Ficus virens

Is planda gínidhé-éiciach é Ficus carica, i.e., feidhmiúil dé-éiciach, agus ina chrann duillsilteach nó tor mór a fhásann suas le 7–10 méadar ar airde, le coirt réidh bhán. Tá a dhuilliúr cumhra 12-25 ceintiméadar ar fhad agus 10-18 ceintiméadar ar leithead, le 3 nó 5 liopaí beaga.

Is éard atá san bláthra casta struchtúr cuasach feolmhar ar a dtugtar "sicón", atá líneáilte le go leor bláthanna aonghnéasacha. Níl na bláthanna le feiceáil taobh amuigh den sicón toisc go mbíonn siad faoi bhláth taobh istigh den torthú bláthra. Cé gur “toradh” a thugtar air go coitianta, is é fírinne an scéil gur torthú bláthra nó beangán an chrainn é, ar a dtugtar “toradh bréagach” nó “toradh ilchodach”, ar a bhfuil na bláthanna agus na síolta.

Is tom nó gas cuasearrach é a bhfuil go leor bláthanna ann. Is conair chúng í an chuas beag ar a dtugtar "oistín", atá le feiceáil ar lár na dtorthaí, a ligeann don fhíonfhoichea speisialaithe, blastophaga psenes, dul isteach sna torthaí agus na bláthanna a phailniú. Ina dhiaidh sin fásann na síolta.[1]

Is crainn shíorghlasa cuid de na gnéithe, cosúil leis an gcúitiúic is an bainian. Is crann beag duillsilteach an fhige chomónta, a tháirgeann na figí inite. Tá fige tachtaithe ann, a thosaíonn mar eipifít a imchlúdaíonn an t-óstach faoi dheireadh, á thachtadh i líonra fréamhacha aerga.[2]

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é foinse na dtorthaí ar a dtugtar figí freisin agus dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach sna ceantair sin ina bhfástar an crann dírithe ar an tráchtáil. Dúchasach don Mheánoirthear agus iarthar na hÁise, rinneadh cuardach agus saothrú uirthi anallód agus tá sí á fhás go forleathan anois ar fud an domhain, mar gheall ar a torthaí agus mar phlanda ornáideach. Tá an speiceas nádúrthaithe in áiteanna scaipthe san Áise agus i Meiriceá Thuaidh.

Is é an t-ainm géineasach ficus an t-ainm Laidineach ar chrann fige. Tagraíonn an aidiacht shonrach carica don chúige ársa san Áise Bheag as a gceaptar go dtagann an crann fige.

Aimsíodh fige 2,000 bliain d’aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in 2024. Dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach,[3] áit ina raibh stáisiún trádála tábhachtach de chuid na Rómhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch.

Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Dar le Matt Hussey (2011), "Ina bhláthra sainiúil, bíonn bláthanna bídeacha ar dhromchla inmheánach gabhdáin fheolmhair chuasaigh, a thagann le bheith ina thoradh tar éis a thoirchithe. Gálfhoichí simbeotacha a fheidhmíonn mar phailneoirí."
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. "Drumanagh" (as en) (2024-11-05). Wikipedia. 
  4. Conradh na Gaeilge Londain (16 Samhain 2024). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-11-21.