Fidil Ghorm
| Buneolas | |
|---|---|
| Stiúrthóir | Anne McCabe (en) |
| Príomhcharachtair | |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Éire |
| Céadléiriú | 10 Iúil 2024 |
| Fad ama | 86 min |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Cur síos | |
| Seánra | scannán drámaíochta agus scannán fantaisíochta |
Scannán Gaeilge de chuid Cine4 é An Fhidil Ghorm. Tugadh ar camchuairt na bhféilte scannán é sa bhliain 2024.[1] ‘Pluidín te teolaí de scannán’ an cur síos a rinne Bridget Breathnach ó Tuairisc.ie air.
Méaldráma agus scannán teaghlaigh é seo, atá feiliúnach do gach aoisghrúpa. Saothar é seo a raibh 'ardú croí agus ardú meanma ag baint leis', dar le Breandán M Mac Gearailt.[2]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díríonn an scéal ar Molly, cailín deich mbliana d’aois, atá trína chéile mar go bhfuil a hathair i gcóma de bharr timpiste. Creideann Molly go dtiocfaidh biseach ar a hathair, atá gan aithne gan urlabhra i dteach altranais, má fhoghlaimíonn sí conas an fhidil a sheinm, mar a dhéanadh seisean, agus Craobh na hÉireann a bhuachan. Tá áit lárnach ag an gceol sa saothar seo.[3]
Ar na haisteoirí atá sa scannán, Edith Lawlor a ghlac ról Mholly agus Siobhán O’Kelly a ghlac ról na máthar. Tá an buachaill óg, Ruadhán Ó Flatharta, ón Spidéal atá i bpáirt dheartháir óg Mholly.
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad an comhlacht léiriúcháin ABÚMedia faoi stiúir na léiritheoirí Bríd Seoighe agus Pierce Boyce, a léirigh an scannán. Comhlacht léiriúcháin iad ABÚMedia atá lonnaithe i gceantar Chois Fharraige i gConamara.[3]
Is í Anne McCabe a stiúir an scannán agus is í Patricia Forde a scríobh an script, Ronán Fox a rinne an cineamatagrafaíocht agus tá ceol nuachumtha leis ag Odhrán Ó Casaide.
Glacadh criticiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe in 2024, áit ar ghnóthaigh sé an gradam don ‘Best Irish First Feature’. Bhí sé ag féilte scannáin idirnáisiúnta ó shin, an Newport Beach Film Fest ina measc, áit ar ghnóthaigh sé Duais an Lucht Féachana. Bhí an scannán ina rogha oifigiúil ag an Whistler Film Festival, an Capital 19th Irish Film Festival agus ag féilte eile chomh maith.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Cailín Ciúin (2022)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Galway Film Fleadh / Youtube (2024-06-21). "Fidil Ghorm Trailer".
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (27 Nollaig 2024). "Cadráil na gcairdinéal, Kneecap, an Fhidil Ghorm agus ná feic a bhfeicfir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-06.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "An scannán Fidil Ghorm á thaispeáint i gCois Fharraige" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-06). Dáta rochtana: 2025-03-06.