Fernando Pessoa
Fernando Pessoa | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Fernando António Nogueira Pessoa |
Eolas breithe | Liospóin, 13 Meitheamh 1888 |
Náisiúntacht | An Phortaingéil Ríocht na Portaingéile |
Teanga dhúchais | An Phortaingéilis |
Bás | Liospóin, 30 Samhain 1935, 1935 |
Áit adhlactha | Jerónimos Monastery (en) ![]() |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ciorróis) |
Muintir | |
Athair | Joaquim de Seabra Pessoa |
Máthair | Maria Magdalena Pinheiro Nogueira |
Céile/Céilí | luach ar iarraidh |
Páirtí/Páirtithe | Ofélia Queiroz |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Liospóin Ollscoil na hAfraice Theas |
Teangacha | An Phortaingéilis |
Gairm | |
Gairm | file, aistritheoir, scríbhneoir, fealsamh, scríbhneoir aistí, léirmheastóir liteartha agus scríbhneoir próis |
Áit oibre | Durban |
Saothar iomráiteach | The Book of Disquiet (en) ![]() |
Sloinnte | Alberto Caeiro, Álvaro de Campos, Ricardo Reis agus Bernardo Soares |
Gluaiseacht ealaíne | filíocht |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | modern Paganism (en) ![]() |
Discogs ID | 798731 |
![]() |
File, scríbhneoir, criticeoir liteartha, aistritheoir, foilsitheoir agus fealsamh Portaingéalach ab ea Fernando António Nogueira Pessoa (Fuaimniú i bPortaingéilis: [fɨɾˈnɐ̃dw pɨˈsoɐ]), nó Fernando Pessoa mar a thugtar air go coitianta. Do rugadh é ar an 13ú lá de Mhí an Mheithimh i Liospóin na Portaingéile sa bhliain 1888 agus do fuair sé bás san áit chéanna ar an 30ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 1935. Deirtear gur duine desna pearsana liteartha is tábhachtaí den 20ú haois é Pessoa agus duine desna filí is tábhachtaí dár scríobh i bPortaingéilis riamh.
Scríbhneoir bisiúil ab ea Pessoa, agus ní faoin ainm ‘Fernando Pessoa’ amháin a d’fhoilsíodh sé – bhí thart ar chúig cinn seachtó d’ainmneacha cleite aige le linn a shaoil. Ní thugadh sé pseudonym (i nGaeilge: ‘bréagainm’ nó ‘ainm cleite’) ach heteronym (i nGaeilge: ‘heitreainm’ nó ‘iolainm’) ar na hainmneacha san, toisc nár shíl sé gur éirigh leis an bhfocal pseudonym an saol leithleach neamhspleách dá gcuid féin a bhí ag gach ceann desna hainmneacha a chur in iúl. Amanta, bíonn dearcadh antoisceach nó anacair le léamh i scríbhinní na n-heteronym.
Anuas ar an bPortaingéilis, bhí Béarla agus Fraincis aige. D’aistrigh Pesso téacsanna ósna teangacha san, agus do chum sé saothair dá chuid féin iontu leis.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |