Feidhm pheiriadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feidhm pheiriadach; is é "P" an peiriad sa léaráid seo

Sa mhatamaitic, feidhm cosúil le f(x + a) = f(x) do gach x. Más a an tairiseach dearfach is lú a chomhlíonann an chothromóid seo, is é a peiriad nó tréimhse na feidhme. Is iad na feidhmeanna peiriadacha is coitianta an síneas agus an comhshíneas. I gcás shíneas kx, is é (2 π)/k an peiriad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feidhm pheiriadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 259.