Jump to content

Fede Galizia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFede Galizia

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1578
Milano Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1630
51/52 bliana d'aois
Milano Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPlá
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachIodálaigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreBarócach
Suíomh oibre Milano (1595–1630)
Torino Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid agus péintéireacht reiligiúnda
GluaiseachtAn Renaissance
Teaghlach
AthairNunzio Galizia

Duine de na chéad phéintéirí a bhain tairbhe as ábhar neamhbheo ba ea Fede Galizia (1578–1630), ealaíontóir Iodálach.

Iúidit le Ceann Holofarnaes (1596). Creidtear gur féinphortráid í aghaidh Iúidit.

Rugadh Fede Gallizi, nó Galizia mar is minice a thugtar uirthi, in Milano i 1578. Péintéir mionphictiúr ba ea a hathair Nunzio Galizia, a d’aistrigh cónaí ó Trento go dtí Milano. D’fhoghlaim Fede péintéireacht uaidh, agus bhí sí chomh hoilte sin in aois a dhá bliain déag gur luaigh Gian Paolo Lomazzo, cara dá hathair a bhí ina phéintéir agus ina theoiricí ealaíne, í mar chailín a bhí ag caitheamh a saoil le healaín.[1]

Bhí iomrá le Galizia mar phortráidí cheana agus í óg, agus fuair sí roinnt mhór coimisiún. Thugadh sí an-aird ar phéinteáil na seod agus an éadaigh, rud a tharraingíodh daoine chuici. Phéinteáil sí idir ábhar saolta agus ábhar cráifeach, agus tá a lán pictiúr léi a thaispeánann Iúidit agus Holofarneas le fáil i mbailiúcháin phríobháideacha. An ceann is luaithe a rinne sí, b’fhéidir, is é an Iúidit le Ceann Holofarnaes é a phéinteáil sí i 1596.[2]

D’fhág traidisiún réalaíoch na hAthbheochana san Iodáil a rian ar a saothar. Tá a cuid ceardúlachta le haithint ar an Ritratto di Paolo Morigia, portráid Íosagánaigh léannta a bhí orthu siúd ba thúisce a mhol í. Thaitin a saothar go mór le Morigia, scríbhneoir agus staraí, agus thaispeáin sí é sa phortráid ag breacadh dáin faoin bpictiúr féin. Fuair sí a lán coimisiún poiblí le haghaidh míreanna altóra i eaglaisí in Milano. Orthu sin bhí Noli me tangere (1616), pictiúr a rinne sí le haghaidh altóir Santa Maria Maddalena.

Pictiúir ábhair neamhbheo is mó a d’fhág sí ina diaidh, seánra ina raibh sí chun tosaigh, cé gurb annamh a luadh a leithéidí siúd lena linn.[3] Tá sé shaothar is seasca liostáilte faoina hainm agus pictiúir ábhar neamhbheo is ea ceithre cinn is daichead acu.[4] Deirtear gur pictiúr ábhair neamhbheo a rinne sí i 1602 an chéad saothar dá leithéid le healaíontóir Iodálach.

Níor phós Galizia riamh. Ar 21 Bealtaine 1630 rinne sí a huacht agus síltear go bhfuair sí bás den phlá in Milano tamall gearr ina dhiaidh sin.[5]

Níor tugadh aitheantas ceart do shaothar Fede Galizia go dtí gur tugadh aird ar leith air i staidéir léannta i 1963 agus i 1989.[6] Tá rian an Ghothaíochais Lombardaigh mar a bhí sé i ndeireadh an 16ú haois ar a cuid ealaíne, stíl a tháinig ó Mhantua ach a raibh eolas uirthi i dtíortha eile, go háirithe sa Fhrainc.

Sa chuid is mó de na pictiúir ábhair neamhbheo aici feicimid torthaí cruinnithe go simplí i leith an tosaigh. Is minic ciseán nó babhla ann agus cineál amháin torthaí ann leithéid pítseach nó piorraí, roinnt acu scaipthe thíos agus iad gearrtha ina slisní uaireanta. Anois agus arís tá torthaí eile nó bláthanna ar an mbord chun codarsnacht a dhéanamh.

Bhí Galizia go maith chun solas, scáth agus uigeacht a chur in iúl agus chun spás a léiriú go háirithe. Tá sé ráite go bhfuil nádúrthacht agus filiúntacht ag gabháil lena saothar nach raibh feiceáil go dtí sin.

Tá a lán pictiúr ar féidir iad a chur síos di ach atá curtha i leith Panfilo Nuvolone, péintéir a bhí go mór faoina hanáil.[7] .

  1. Gian Paolo Lomazzo, Idea del tempio della pittura, Milan 1590, lch 163: "dandosi all'imitation de i più eccellenti dell'arte nostra".
  2. Le fáil anois sa Ringling Museum of Art in Sarasota, Florida.
  3. Pléite in Segal 1998.
  4. Pléite in Segal1998.
  5. Pléite in Segal1998.
  6. Pléite in Segal1998.
  7. Pléite in Segal1998.

Segal, Sam: ’An early still life by Fede Galizia’, The Burlington Magazine, March 1998, Volume CXL, Issue 1140, lgh 164–171.

  • Harris, Anne Sutherland & Linda Nochlin (1976). Women Artists: 1550-1950. Los Angeles County Museum of Art, Knopf, New York. ISBN 978-0-394-41169-9

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]