Fearghal Mac Bhloscaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFearghal Mac Bhloscaidh
Beathaisnéis
BreithIúil 1978
45 bliana d'aois
Contae Thír Eoghain, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmléachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Ollscoile Naomh Muire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: FMacBhloscaidh Cuir in eagar ar Wikidata

Is léachtóir sinsearach agus acadóir Éireannach é an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh. Is as Tír Eoghain dó ó dhúchas ach tá sé ina chónaí i mBéal Feirste áit a bhfuil sé ina léachtóir sinsearach sa stair i gColáiste Ollscoile Naomh Muire sa chathair. Tá neart saothar curtha i gcló ag Mac Bhloscaidh ar cheist na haicme, an tseicteachais agus na hidé-eolaíochta le linn blianta na réabhlóide ag tús an fhichiú haois, agus, lena hais sin, ar cheist an athbhreithniúchais. Bhí sé ina chomheagarthóir ar shaothar tábhachtach a foilsíodh le déanaí dár dteideal Bread not Profits: Provincial working class politics during the Irish Revolution. Thug sé léacht uaidh ar ‘Athghabháil na Gaeilge’ ag comhdháil i mBéal Feirste dár dteideal Díchoilíniú: Teanga, Cultúr agus Pobal samhradh na bliana 2023. Bíonn sé le clos ar Raidió na Gaeltachta go minic. Bíonn ailt staire agus tuairimíochta rialta uaidh le fáil ar a bhlag https://blosc.wordpress.com/.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fenians & Ribbonmen, Manchester University Press, 2011

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sheehy Skeffington: Síochánaí - ón gcomhlacht léiriúcháin Dearcán Media
  • Cogadh Faoi Cheilt: Scéal an IRB, 2019.