Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
| Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | coláiste ollscoile | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Stair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta a bunaíodh | 1985 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Ball de | University and College Union | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| ISIL | GB-UkTwSMUC agus GB-UK-BeSMU | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Suíomh gréasáin | stmarys-belfast.ac.uk | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is coláiste ollscoile i mBéal Feirste, Tuaisceart Éireann é Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir bunús an Choláiste a rianú siar go 1900 nuair a d'oscail na Siúracha Doiminiceacha Coláiste Oiliúna Naomh Muire ar champas Bhóthar na bhFál mar a thugtar anois air, agus 100 iníon léinn cláraithe leis. Ar feadh beagnach 50 bliain ina dhiaidh sin, bhí an coláiste ag plé le hoiliúint scoláirí baineanna agus a n-ullmhúchán don mhúinteoireacht i mbunscoileanna.
Sa bhliain 1948, tugadh isteach cúrsaí ceithre bliana do mhúinteoirí iar-bhunscoile agus, trí shocrú le hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, d’fhéadfadh daltaí roghnaithe comhchúrsa staidéir ollscoile agus oiliúna gairmiúla a leanúint.
Sa bhliain 1949 bunaíodh roinn na bhfear ag Teach Trench. Sa bhliain 1961 scoir sé de bheith ina roinn na bhfear i gColáiste Oiliúna Naomh Muire agus bunaíodh é i gColáiste Oiliúna Naomh Seosamh.
