Jump to content

Feallmharú an Ghinearáil Kirillov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFeallmharú an Ghinearáil Kirillov
Íomhá
(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(ru) Игорь Анатольевич Кириллов Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtRussian military intervention in the Syrian civil war (en) Aistrigh
Cogadh na Rúise agus na hÚcráine Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla feallmharú an Ghinearáil Kirillov agus a chúntóir nuair a phléasc buama a bhí feistithe ar scútar leictreach taobh amuigh de bhloc árasán in oirdheisceart Mhoscó ar an 17 Nollaig 2024.[1] Thug seirbhísí slándála na hÚcráine le fios gurb iad a bhí freagrach as.[2]

Oifigeach sinsearach in Arm na Rúise ba ea an Ghinearáil Kirillov, i gceannas ar Fhórsaí Cosanta Núicléacha, Bitheolaíocha agus Ceimiceacha na Rúise. Ba shaineolaí ar leith é Kirillov ar airm ollscriosta, go háirithe sna réimsí ceimiceacha agus bitheolaíocha agus an éifeacht a bhíonn acu ar láithreacha cogaidh agus ar dhaonraí a ionsaítear.[3]

Chuir na hÚcránaigh ina leith go raibh Kirillov freagrach as coireanna cogaidh le húsáid na n-armlón ceimiceach is bitheolaíoch.

I mí Dheireadh Fómhair 2024, chuir Rialtas na Breataine smachtbhannaí ar Kirillov agus ar a chuid fórsaí as an gceimiceán tachta clóraipicrin a scaoileadh le saighdiúirí na hÚcráine. Maígh na Rúisigh nach n-úsáideann siad airm cheimiceacha ar an láthair chatha.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Sarah Shamim. "Russian general Igor Kirillov killed in Moscow: What do we know so far?" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2024-12-27.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-12-17). "Oifigeach sinsearach in Arm na Rúise maraithe i Moscó" (as ga-IE). 
  3. Cathal Ó Murchú / An Páipéar (2024-12-21). "Feallmharú an Ghinearáil Kirillov" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-27.