Síscéal Nua Eabhrac
| Cineál | amhrán agus dísréad |
|---|---|
| Taibheoir | The Pogues agus Håkan Hellström |
| Foilsithe | 1987 |
| Teanga | Béarla |
| Liriceoir | Shane MacGowan agus Jem Finer |
| Cumadóir | Jem Finer agus Shane MacGowan |
| Léiritheoir | Steve Lillywhite |
Is deasghnáth Nollag é an t-amhrán Síscéal Nua Eabhrac (i mBéarla, Fairytale of New York) de chuid na Pogues sa bhliain 1987. Léiríonn an t-amhrán deacrachtaí caidrimh grá agus dúshláin an alcóil, a dhéine is ar féidir leis an eisimirce a bheith, coincheap an natha cainte “is glas iad na cnoic i bhfad uainn”, agus saol go leor de na Gael-Meiriceánacha a tharraing ar Nua-Eabhrac síos trí na blianta.
Cloistear é ar an raidió, sna tithe tábhairne agus sna siopaí chomh maith gach bliain. Tá an scéal faoi mar a cruthaíodh an t-amhrán gleoite agus trí chéile araon, cosúil le dhá phríomhcharachtar an amhráin.[1]


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Geall a chuir tús leis an turas ar fad. Tugadh dúshlán do na Pogues amhrán Nollag a chumadh, amhrán a thiocfadh ón gcroí, a bheadh binn, agus fiú maoithneach. Mar ba dhual do na Pogues, rinne siad a mhalairt. Chinn Shane MacGowan agus Jem Finer ar fhonn a chruthú a léirigh sracadh an fhíorshaoil seachas loinnir an tinsil. Bhí na dréachtaí luatha mall agus brónach, murab ionann agus an leagan go bhfuil cionn againn air inniu.[1]
Tháinig teideal an amhráin ó theideal úrscéal le J.P. Donleavy, A Fairytale of New York. Thaitin an t-ainm leis na Pogues agus ghlac siad ar iasacht é chun scéal a chruthú thart ar lánúin a chuaigh a mbrionglóid go tóin poill i gcathair mhór gheal.
Ach ní raibh anam ag an amhrán dáiríre go dtí gur thóg Steve Lillywhite a bhean chéile, Kirsty MacColl, chun taifead a dhéanamh ar a guth ar an amhrán. Tá an taibhreamh MacColl mar chuid de bhéaloideas an cheoil. Léirigh sí beocht, fearg, greann agus grá sa taibhreamh céanna. Le chéile, thaispeáin an lánúin an sracadh, an grean agus an briseadh croí.
Eisíodh an t-amhrán in 1987 agus d’éirigh thar cinn leis ar an bpointe boise. Mar sin féin, níor shroich sé uimhir 1 i gcairteacha na Ríochta Aontaithe. Ach ba chuma. Sna blianta ina dhiaidh sin d’fhorbair an t-amhrán ina rosc séasúrach Nollag.[1]
Liricí
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'í Oíche Nollag í[2]
'S mé caochta óltach,
Dúirt seanfhear 'n aice liom,
'S í mo Nollaig dheireanach í.
'Sin thosaigh sé gabháil foinn,
An 'Rare Old Mountain Dew';
Chrom mé mo cheann go ciúin
'S mé cuimhniú ortsa.
Nach orm a bhí an t-ádh
Tháinig sí isteach go breá
Airím istigh i mo chroí
Gur linne an bhliain seo romhainn
Ó Nollaig Shona dhuit,
Is tú mo Stóirín
Feabhsóidh rudaí fós
'mach romhainn atá sé
'S gar le beáir iad na cairr
'S na habhainn lán le h-ór
Ach tá goimh ghéar san ghaoth
Ní haon áit í gan ghlór
Nuair a thóg tú mo lámh
ar ár gcéad Nollaig riamh
Gheall tú dhom Broadway
a bheith romham ins an tSlí
Bhí tú dathúil,
Tá tú meabhrach,
an Bhanríon Nua Eabhrach
Ní raibh críoch leis an scléip
Bhí an chraic's spraoi thar barr
'Sinatra' ag swingeáil
Na cloig 's iad ag 'ringeáil,
Muid ag pógadh 's ag damhsa
Gan imní faoin saol
'S Cór an NYPD 's iad
ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.
Fear déirce gan rath
A shean stróinse gan mhaith
I do chrap ansin thall
mar bheadh cailleach sa gclúid.
A sclíteach, a chonúis,
'Chacsmuitín an donais.
Nollaig Shona mo thóin
Faraoir gan é thart.
's Cór an NYPD 's iad
ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.
Bhí saol breá romhamsa
Nach breá an scéal agat é;
Sciob tú mo bhrionglóid uaim
An chéad uair a chas mé ort.
Tá siad agam i gconaí, a stór
I dtaisce i mo chroí.
Na fág me 'nois, a mhnaoi;
'S tú bun 's barr mo shaolsa
'S Cór an NYPD 's iad
ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Kerron Ó Luain (2025-12-24). "Scéal chumadh Síscéal Nua-Eabhrac" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-12-26.
- ↑ Max Spiegel. "Fairytale of New York". mudcat.org. Dáta rochtana: 2025-12-26.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Síscéal Nua Eabhrac le Seo Linn ar Youtube
- Síscéal Nua Eabhrac le Fred McCluskey, Ger Maher & Ailbhe Hession ar TG4 ar dtús (Youtube anseo)