Faireog thíoróideach
Sonraí | |
---|---|
Laidin | glandula thyroidea |
Cuid de | córas inchríneach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D013961 |
TA | A11.3.00.001 |
FMA | 9603 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1269 |
EB Online | science/thyroid-gland |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Is ceann de na faireoga inchríneacha is mó sa chorp í an fhaireog thíoróideach.[1] Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an Úill Bhráid agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an loingeán criocóideach. Tá sí ar chruth féileacáin agus tá sí lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as próitéiní a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do hormóin eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh ag baint úsáide as an iaidín, ach go háirithe tíorocsaín (T4) agus trí-iadaitíoróinín (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear iaidín agus tirisín
chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgeann an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin,
a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam.
Rialú na Faireoige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an hipeatalamas agus an piotútach. Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach) agus an hipitíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““faireog thíoróideach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-11.