Faireog thíoróideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFaireog thíoróideach
Sonraí
Laidinglandula thyroidea
Cuid decóras inchríneach
Aitheantóirí
MeSHD013961
TAA11.3.00.001
FMA9603 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1269
EB Onlinescience/thyroid-gland
Téarmaíocht anatamaíoch


Is ceann de na faireoga incríneacha is mó sa chorp í an Fhaireog Thíoróideach. Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an Úill Bhráid agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an loingeán criocóideach. Tá sí ar chruth féileacáin agus tá sí lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as próitéiní a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do hormóin eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh ag baint úsáide as an iaidín, ach go háirithe tíorocsaín (T4) agus trí-iadaitíoróinín (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear iaidín agus tirisín chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgeann an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin, a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam.

Rialú na Faireoige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an hipeatalamas agus an piotútach. Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach) agus an hipitíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]