FIFA Soccer 95
| Foilsiú | |||
|---|---|---|---|
| Seánra | físchluiche sacair | ||
| Cur síos ar an gcruinne ficseanúil | EA Sports FC universe (en) | ||
| Ar fáil sa | |||
| Saintréithe teicniúla | |||
| Ardán | Mega Drive | ||
| Modhanna | físchluiche d'imreoir aonair agus físchluiche ilimreoirí | ||
| Gléas ionchuir | ceap stiúrtha | ||
| Foireann | |||
| Forbróir(í) | EA Vancouver | ||
| Eagarthóir | EA Sports | ||
| Cumadóir | Jeff van Dyck | ||
| Cáilíochtaí | |||
| |||
| Tuilleadh eolais | |||
| MobyGames | fifa-soccer-95 | ||
|
| |||
| |||
Is físchluiche sacair é FIFA Soccer 95 a d'fhorbair an comhlacht Meiriceánach Electronic Arts. Eisíodh an cluiche don Sega Genesis i mí na Samhna 1994. Ba é an dara cluiche sa tsraith FIFA, ag leanúint an chluiche FIFA International Soccer a tháinig amach sa bhliain 1993, agus ba é an t-aon cheann sa tsraith nár eisíodh ar an ríomhaire.
Imirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ionsamhlú sacair a úsáideann dearcadh isiméadrach atá sa gcluiche. Rialaítear imreoir amháin den aon duine dhéag ar fhoireann, agus táthar in ann an t-imreoir faoi rialú a athrú ag am ar bith. Is féidir le suas le ceathrar an cluiche a imirt san am céanna, gach ceann acu ag rialú imreoir difriúil. Tá na himreoirí eile faoi stiúir an ríomhaire.
Is é an cluiche an chéad cheann sa tsraith a bhfuil clubanna ó shé shraith náisiúnta ar fud na hEorpa ann: an Premier League i Sasana, Ligue 1 sa Fhrainc, an Bundesliga sa Ghearmáin, Serie A san Iodáil, an Eredivisie san Ísiltír, agus La Liga sa Spáinn. Tá roinnt clubanna ó na sraitheanna Campeonato Brasileiro sa Bhrasaíl agus an American Professional Soccer League ar fáil freisin. Níor chlúdaigh na ceadúnais ainmneacha na n-imreoirí, agus mar sin úsáideadh ainmneacha ficseanúla sa gcluiche.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi bhogearra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |