Fótaiteiripe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Blue Light acne phototherapy iClear.jpg

Is éard atá i gceist le fótaiteiripe ná nochtadh na colainne do sholas fionnuar gorm (tonnfhaid 420-80 nm), saor ó sholas ultraivialait. Úsáidtear í chun cóireáil ar bhuíochán an naíonáin nuabheirthe.

Cabhraíonn sí chun an lí bilearúibin a dhíghrádú ina tháirgí atá intuaslagtha in uisce, ionas gur féidir iad a dhíbirt sa bhfual.