Fótaimicreagraf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grianghraf réada a bhreathnítear trí mhicreascóp. I gcórais optúla is féidir formhéadú suas le × 2000 a bhaint amach, agus teicníochtaí feabhsaithe íomháithe, cosúil le soilsiú dúréimse, paschodarsnacht, is polarú daite, a úsáid. Le leictreonmhicreascóp is gá grianghraf den íomhá scanta a thógáil ó fheadán léirithe ardghéire le tréimhse fhada nochta chun earráidí a bhaineann leis an scanadh a sheachaint. Sa chás seo, is féidir formhéadú suas le × 106 a bhaint amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fótaimicreagraf". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.