Fótaileaisteachas
Cuma
Is éard is fótaileaisteachas[1] ann ná athrú in airíonna tarchurtha solais solaid (mar shampla, plaisteach nó gloine) nuair a chuirtear faoi strus é. Ainm eile ar an bhfeiniméan is ea dé-athraontas ionduchtaithe go meicniúil. Is amhlaidh a athraíonn polarú an tsolais tharchurtha, agus is féidir é a bhrath tríd an solad a chur idir dhá pholaraitheoir thrasnaithe (is é sin, lena dtreonna tarchurtha ag dronuillinn dá chéile) agus strus a chur ar an ábhar. Feictear patrúin shainiúla dhaite ar féidir strus innealtóireachta a anailísiú uathu.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““fótaileaisteachas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fótaileaisteachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 284.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |