Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceannairí FARC ag comhdháil síochána

Is éard is Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime ann (Spáinnis: Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia—Ejército del Pueblo, FARC–EP agus FARC) ná grúpa treallchogaíochta atá gníomhach sna coimhlintí Colómacha ón bhliain 1967 i leith. Baineann siad feidhm as gnáth-bheartaíocht míleata ar lámh amháin agus sceimhlitheoireacht ar an lámh eile.

Síolraíonn an FARC–EP ó laethanta an Chogaidh Fhuair agus bunaíodh iad mar fhórsa tuathánach Marcsach-Lenineach chun talúntais a chur chun cinn agus cur i gcoinne an impiriúlachais.