Fíonach, Contae Liatroma (Carraig Álainn)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilFíonach, Contae Liatroma

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°01′13″N 7°50′02″W / 54.020208°N 7.833914°W / 54.020208; -7.833914
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Liatroma Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166129

Is baile é Fíonach[1] (Fiodhnach sa seanlitriú; Béarla: Fenagh) atá suite i gContae Liatroma. Ciallaíonn sé ‘the wooded place’. Sa lá atá inniu ann, tá cnoic agus droimníní ann. Is sráidbhaile beag é atá suite faoin tuath.  Tá sé suite ar an mbóthar R202, idir Béal an Átha Móir agus Maothail. De réir an daonáireamh 2016, bhí 392 daoine ann[2].

Stair agus Áiteanna Stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Mhainistir[cuir in eagar | athraigh foinse]
An Mhainistir
Leabar Fidhnacha
Scrín Chaillín
Gallán

Is é an Mhainistir Fhiodhnach an suíomh sean manachúil in Éirinn.  Bhunaigh Naomh Chaillín é.  Anois, is é an patrún de Fhiodhnach.  Tógadh é timpeall sa chúigiú haois déag.  Bhí sé in úsáid mar an áit adhartha do Eaglais na hÉireann, go dtí 1798 nuair a tógadh Eaglais Naomh Caitríona in aice láimhe[3]. Bhí scoil mhanachúil ag an Mainistir.  De réir an ‘Annála na gCeithre Máistrí’, bhí sé “celebrated for its divinity school, which was resorted to by students from every part of Europe”, léiríonn sé seo an tábhacht atá aige i stair na hÉireann, chomh maith san Eoraip[4]. Tá go leor galláin ann freisin, agus léiríonn siad choirp sioctha na draoithe, cé a rinne iarracht é a dhíbirt Naomh Chaillín ó Fhiodhnach[5]. Tá an reilig suite in aice leis an Mhainistir, áit ar fhéidir le duine ar bith a bheith adhlactha, sa lá atá inniu ann.

Clog na Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an finscéil, baineadh úsáid as an 'gClog na Rí' chun ríthe a bhaisteadh.  Tá roinnt samplaí ann, san áireamh Fergus agus Domhnall (ríthe comhpháirteacha na hÉireann), Conall Gulban, Aengus MacNatfriach (Rí Chaiseal) agus Branduff (Rí Laighean).  Ní fios aon duine an dáta a ndearnadh an Clog na Rí, ach b'fhéidir go raibh sé idir 1050 nó 1150.  Bhí an Clog na Rí déanta as cré-umha.  Ar an drochuair, bhí sé caillte i 2010, sa thine ag Ardeaglais Naomh Mel[6].

Leabhar Fidhnacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Críochnaíodh é sa mhainistir i 1516[7]. Scríobh roinnt daoine é, go hiondúil na manaigh, i dtréimhsí éagsúla.  Is sampla den scoth é de litríocht Ghaeilge.  Tá codanna éagsúla ann, mar shampla:

  • 1A Prós, Réamhra faoi Naomh Chaillín
  • 1B Ceithre déag dánta maidir le Naomh Chaillín, Magh Rein agus Clog na Riogh
  • 1C Prós, Réamhra do na dánta
  • 2A Prós faoi Naomh Chaillín agus Tadhg O’Rodaigh
  • 2B Cuntais ag M O’Maolchonaire faoin sean-leabhar Chaillín
  • 3 Seacht dánta maidir le clann Ó Domhnaill agus teaghlaigh eile
  • 4 Sinsearacht faoi Chonmhaícne, Ó Crachán agus Aba Fhiodhnach
  • 5 Filíocht maidir le clann Néill agus teaghlaigh eile, agus dán amháin faoi Naomh Chaillín

Ansin, an Scrín Chaillín. Is cumhdach leabhair maisithe é. Baineadh úsáid as an sean-leabhar Chaillín a shealbhú.  Bhí sé lámhdhéanta ag na manaigh.  Creidtear é gur bhunaíodh sé timpeall i 1536.

Cnoc Chuimhneacháin Selton[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cnoc Chuimhneacháin Selton suite ar an mbóthar R202 idir Fíonach agus Maothail. Tháinig an luíochán Selton ar an 11ú Márta i 1921.  Fuair seisear feidhmeannaigh an tIRA bás[8].

Conair an Ginearáil Humbert[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 7ú Meán Fómhair i 1798, threoraigh Ginearál Humbert fórsa na Fraince agus na Gaeilge trí Fhiodhnach.  Ach, lean na fórsaí na Breataine taobh thiar dóibh[9].

Tá an chonair 2.5 chiliméadair agus tá cnoic géar ann.

Taisteal[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tIarnród[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail an stáisiún traenach Fíonach ar an 24ú Deireadh Fómhair i 1887.  Ach, dúnadh sé ar an 1ú Aibreán i 1959.

Seirbhísí Reiligiúnacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eaglais na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Eaglais Naomh Caitríona i 1798.  Roimhe sin, bhí an mhainistir in úsáid mar an áit adhartha do Eaglais na hÉireann.  Tá roinnt clocha chinn ann, le hainmneacha teaghlaigh Eaglais na hÉireann, mar shampla- Lawder, Fox, Peyton agus Reynolds.  Creidtear go raibh banríon Éigipteach í Naomh Caitríona.  Ba bhean cróga í, cé a chosaint a creideamh reiligiúnach.  Tá an rheachtaireacht suite in aice leis an séipéal.  Tógadh é i 1827.  D'fhan na sagairt anseo[10].

Eaglais Naomh Mhuire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá séipéal Naomh Muire suite i mbaile fearainn Cnocan a Mhadaidh Rua.  Aistríonn sé go ‘hillock of the fox’ as Béarla.  Is eaglais Chaitliceach í.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá tithe tábhairne i bhFíonach, darbh ainm ‘Abbey Bar’ agus ‘Quinns’.  Tá ionad pobail suite in aice leis an séipéal.  Tógadh é i 1975.  Úsáidtear é le haghaidh drámaí, ceolchoirmeacha srl., chomh maith buaileann daoine le chéile chun cluichí cártaí a imirt.  Tá ionad cuairteoirí ann freisin.  Tá áit súgartha le haghaidh leanaí, caifé agus ionad oidhreachta sa ionad cuairteoirí.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaíodh an club i 1888 ar an 1ú Deireadh Fómhair. Ainmníodh é ‘Naomh Chaillín’ nó ‘Mac Chaillín’, tar éis an phátrúin naomh de Fhiodhnach.  Tríd na mblianta, ní raibh mórán áidh ag an gclub, ach tar éis 44 bliana bhuaigh siad an chraobh idirmheánach i Liatroim ar an 21ú Deireadh Fómhair i 2018.  Ba bua stairiúil é.  Ansin, i 1972 chonaiceamar tús peile na mban.  Ach, níor eagraíodh aon chomórtas go dtí 1978.  Sa lá atá inniu ann, tá club na mban níos láidre ná riamh[11].

Liathróid Láimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá club liathróid láimhe i bhFíonach.  Tá cúirt 60 x 30 agus cúirt aon bhalla ann.  Bhuaigh cúpla den na baill craobh an domhain.  I 2018, Thosaigh scuais.  Bíonn daoine ag imirt é sa chúirt aon bhalla.

Daoine Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

John McGahern[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalaí iomráiteach as Éirinn ab ea John McGahern. Cáilíodh é mar mhúinteoir bhunscoile i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.  I ndeireadh a shaoil, chónaigh sé i bhFíonach agus scríobh sé ann.  Bhí cuid de na leabhair spreagtha ag an gceantar mar shampla ‘Amongst Women’ agus ‘That they May Face’.  Fuair sé bás i 2006[12].

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bunscoil amháin i bhFíonach darbh ainm ‘bunscoil Naomh Chaillín’.  Aistríonn sé go ‘St. Caillin’s N.S’, as Béarla.  Is scoil mheasctha í.  Tá 92 daltaí ann.  Is scoil Chaitliceach í[13].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fíonach/Fenagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "ArcGIS Web Application". airomaps.nuim.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-06. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  3. "Overview of Fenagh History". www.fenagh.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  4. "Fenagh Abbey - Medieval Church Fenagh - Things to see in Fenagh" (en-US). Leitrim (2015-07-23). Dáta rochtana: 2018-12-06.
  5. "Fenagh Abbey & Fenagh Visitor Centre | Accommodation | Dining | Pubs | Festivals | Fishing | Walking | Barge Holidays | Cycling | Golf | Family Holidays | John McGahern | Heritage | Ballinamore | Leitrim | Ireland". www.ballinamore.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  6. "The Bell of Fenagh". www.fenagh.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  7. "The Book of Fenagh". www.fenagh.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  8. Jim Doyle (2018-03-11). "The Selton Hill Ambush" (en). seamus dubhghaill. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  9. "General Humbert Trail". www.fenagh.com. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  10. Leyden, P (1989). The Church of Ireland Story. Donegal Democrat: Fenagh Church Restoration Committee.
  11. Leyden, P (1985). Fenagh The GAA Story. Donegal Democrat: Fenagh GAA Club.
  12. "John McGahern". www.fenagh.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-12. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  13. "St. Caillins National School, Leitrim on SchoolDays.ie". www.schooldays.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.