Fíon mormónta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fíon treisithe, bán nó dearg. Alcól íon a úsáidtear sa treisiú, chun go mbíonn an tiúchan céanna alcóil ann is atá i seiris. Measctar luibheanna is spíosraí airithe ann chun blas a chur air. Manglam coitianta is ea an martini, arb iad biotáille na Ginéive (nó vodca) is an fíon mormónta na príomhchomhábhair ann.