Fíligineacht
Cuma
(Athsheolta ó Fíligéineolaíocht)
Is éard is fíligineacht ann ná gaol idir grúpaí ainmhithe de réir a staire éabhlóidí, ionas go mbíonn na grúpaí ceangailte le chéile de réir cé chomh déanach a tharla a gcomhshinsearacht. Déantar an measúnú seo trí chomhairíonna díorthaithe a aithint, den chuid is mó. Léirítear patrún na ngaolta éabhlóideacha taobh istigh de ghrúpaí is idir grúpaí i bhfoirm léaráide géagaí (an crann éabhlóideach), ag taispeáint na línte ginealaigh.[1] Tugtar fíligéinitic nó fíligéineolaíocht ar staidéar na fíligineachta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fíligineacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 268.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |