Féitheacha cuingealacha
Cuma
Na fuileadáin a thaoscann struchtúir an chinn is na scornaí. Tógann an fhéith chuingealach inmheánach an fhuil ón inchinn, an aghaidh is an chuid is mó den scornach, na struchtúir dhoimhne go háirithe. Tosaíonn sí ag an oscailt ag bun na hinchinne (an bhréifin chuingealach) agus ag a deireadh nascann leis an bhféith fhothchlabhach (a thaoscann an fhuil ón ngéag uachtarach) chun an fhéith bhracafalach a dhéanamh. Tógann an fhéith chuingealach sheachtrach an fhuil ó scairt an chinn is codanna dromchlacha na scornaí. Faightear na féitheacha cuingealacha tosaigh gar don mheánlíne ag tosach na scornaí, agus taoscann siad isteach sa bhféith chuingealach sheachtrach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Féitheacha cuingealacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 262.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |