Féin/neamhfhéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meicníocht sa chóras imdhíonach ina n-aithníonn an cholainn cealla na colainne féin is a dtáirgí siúd (féin) mar ábhar difriúil ó ábhar coimhthíoch (neamhfhéin). Ní fhreagraíonn sé d'fhéinábhar ach tugann freagairt imdhíonach ar neamhfhéinábhar, á mhilleadh is á chaitheamh amach ón gcolainn. Sa luathbheatha réamhbheirthe, ní féidir leis an gcóras imdhíonach an t-idirdhealú seo a dhéanamh: is féinábhar gach ábhar beo, ach faigheann an féatas an cumas imdhíonach roimh bhreith. I gcuid de na galair a bhaineann leis an gcóras imdhíonach, is féidir go bhfeidhmeoidh an córas ar fhéinábhar mar a bheadh neamhfhéinábhar ann, agus go dtabharfaidh an cholainn freagairt imdhíonach ar a cuid fíochán féin, mar a dhéanann in airtríteas réamatóideach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Féin/neamhfhéin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 260.