Criól Háítí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fásteanga Háítí)
Infotaula de llenguaCriól Háítí
Kreyòl ayisyen
Cineálfásteanga, teanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais9,600,000 (2007)
Dúchasach doHáítí
StáitHáítí
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
pidsean nó criól
crióil bunaithe ar an bhFraincis
Caribbean French Creole languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAkademi Kreyòl Ayisyen
Cóid
ISO 639-1ht
ISO 639-2hat
ISO 639-3hat
Glottologhait1244
Ethnologuehat
ASCL9101
IETFht

Labhraíonn 10–12 milliún duine Criól Háítí[1] (kreyòl ayisyen, [kɣejɔl ajisjɛ̃]; [2][3] Fraincis: créole haïtien, [kʁe.ɔl ai.sjɛ̃]) ar fud an domhain, ceann den dá theanga oifigiúla i Háítí (is é an Fhraincis an dara ceann), áit a labhraítear an chuid is mó den phobal é mar theanga dhúchais.[4][5]

D'eascair an teanga ó theagmháil idir coilínigh Fhrancacha agus sclábhaithe Afracacha le linn thrádáil sclábhaithe an Atlantaigh sa choilíneacht Fhrancach Saint-Domingue (Háítí anois) sa 17ú agus 18ú haois.[6][7] Cé go dtagann an chuid is mó dá stór focal ó Fhraincis na 18ú haoise, baineann an ghramadach le brainse teangacha Volta-Congó san Afraic Thiar, go háirithe an Fhonais agus an Íogbóis.[7] D'imir teangacha eile tionchar air freisin; Spáinnis, Béarla, Portaingéilis, Taino, agus teangacha eile de chuid Iarthar na hAfraice san áireamh.[8] Cé gur eascair sé ón bhFraincis, tá a ghramadach féin ag Criól Háítí, agus ní féidir le cainteoirí Fraincise caighdeánaí an teanga labhartha a thuiscint. Creidtear gurb iad na Háítígh an pobal is mó ar domhan a labhraíonn criól,[9] cé gur féidir cás a dhéanamh ar son Phidsean na Nigéire, criól bunaithe ar an mBéarla, go háirithe má chuirtear cainteoirí neamhdhúchasacha san áireamh.

Tá úsáid Chríol Háítí, agus oideachas trí mheán na teanga, ina cnámh spairne chomh fada siar leis an 19ú haois. Creidtear daoine áirithe i Háítí gur cuid d'oidhreacht an choilíneachais é an teanga, agus caitear Frainciseoirí anuas air mar Fhraincis a labhraíonn daoine gan oideachas.[10][11] Go dtí deireadh na 20ú haoise, níor labhair uachtaráin Háítí ach Fraincis chaighdeánach lena gcomhshaoránaigh, agus go dtí an 21ú haois, bhí an teagasc go léir i mbunscoileanna Háítí trí mheán na Fraincise caighdeánaí, an dara teanga ag formhór na ndaltaí.[4]

Labhraítear Criól Háítí in áiteanna éagsúla a bhfuil pobal mór eisimirceach ó Háítí iontu: oileáin eile i Muir Chairib, Guáin na Fraince, an Fhrainc, Ceanada (go háirithe Québec) agus na Stáit Aontaithe.[12] Tá gaol aige le Criól na nAintillí a labhraítear sna Mion-Aintillí agus le crióil eile atá bunaithe ar an bhFraincis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Haitian Creole” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  2. Faraclas, Nicholas (2012). "The Haitian Creole Language: History, Structure, Use, and Education". Lanham, Maryland: Lexington Books. ISBN 978-0-7391-7221-6. OCLC 838418590. 
  3. Valdman, Albert (2002). "Creole: The National Language of Haiti". Footsteps 2 (4): 36–39.  Curtha i gcartlann 2015-07-13 ar an Wayback Machine
  4. 4.0 4.1 DeGraff, Michel (1 August 2014). “A Creole Solution for Haiti's Woes”. The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Meán Fómhair 2015. “Under the 1987 Constitution, adopted after the overthrow of Jean‑Claude Duvalier’s dictatorship, [Haitian] Creole and French have been the two official languages, but most of the population speaks only Creole fluently.”
  5. Léonidas, Jean-Robert (1995). "Prétendus Créolismes: Le Couteau dans l'Igname" [So‑Called Creolisms: The Knife in the Yam] (in fr). Montréal: Editions du CIDIHCA. ISBN 978-2-920862-97-5. OCLC 34851284. OL 3160860W. 
  6. DeGraff, Michel (2007). "Comparative Creole Syntax: Parallel Outlines of 18 Creole Grammars": 101–102. London: Battlebridge. ISBN 978-1-903292-01-3. OCLC 192098910. OL 12266293M. 
  7. 7.0 7.1 Seguin, Luisa (2020). "Transparency and Language Contact: The Case of Haitian Creole, French, and Fongbe": 218–252. Journal of Pidgin and Creole Languages. 
  8. Bonenfant, Jacques L. (2011). "History of Haitian-Creole: From Pidgin to Lingua Franca and English Influence on the Language". Review of Higher Education and Self-Learning 3 (11).  Curtha i gcartlann 2015-03-23 ar an Wayback Machine
  9. Nadeau, Jean-Benoît (2008). "The Story of French". New York: St. Martin's Press. ISBN 978-0-312-34184-8. OCLC 219563658. “There are more speakers of French-based Creoles than all other Creoles combined (including English), thanks mostly to Haiti, the biggest Creole-speaking nation in the world...” 
  10. Schieffelin, Bambi B. (September 1992). "The 'Real' Haitian Creole: Ideology, Metalinguistics, and Orthographic Choice". Journal of Pragmatics 2 (3): 427–443. doi:10.1525/ae.1994.21.1.02a00090. ISSN 0378-2166.  Curtha i gcartlann 2015-07-28 ar an Wayback Machine
  11. DeGraff, Michel (2003). "Against Creole exceptionalism". Language 79 (2): 391–410. doi:10.1353/lan.2003.0114. 
  12. Spears, Arthur K. (2010-06-22). "The Haitian Creole Language: History, Structure, Use, and Education" (in en). Lexington Books. ISBN 978-1-4616-6265-5.