Michael Everson
(2011) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 9 Eanáir 1963 63 bliana d'aois Norristown, Pennsylvania |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Búdachas |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Arizona Ollscoil California, Los Angeles |
| Áit chónaithe | Dún Dé |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | teangeolaí, clódhearthóir, foilsitheoir |
| Ball de | Coiste Teanga Wikimedia (2008–) |
| Spéis aige/aici i | Unicode |
| Teangacha | Volapük, Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | evertype.com |
Teangeolaí Meiriceánach agus Éireannach, ionchódóir scripte, clóchuradóir, clóghrafóir agus foilsitheoir is ea Michael Everson (rugadh an 9 Eanáir 1963 é). Reáchtálann sé comhlacht foilsitheoireachta darb ainm Evertype agus d'fhoilsigh sé breis is céad leabhar ó 2006 i leith.
Baineann a shaineolas ar leith le córais scríbhneoireachta an domhain, go háirithe i léiriú na gcóras seo i bhformáidí ríomhaireachta agus meán digiteach. Sa bhliain 2003 dúirt Rick McGowan go raibh sé "probably the world's leading expert in the computer encoding of scripts” as a chuid oibre chun raon leathan scripteanna agus carachtair a chur leis an Uilethacar Carachtar. Ó 1993 i leith, tá breis is dhá chéad togra scríofa aige a chuir na mílte carachtar le ISO/IEC 10646 agus le caighdeán Unicode.