Michael Everson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichael Everson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Eanáir 1963
61 bliana d'aois
Norristown, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Búdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Arizona
Ollscoil California, Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheDùn Dèagh
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, clódhearthóir, foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iUnicode
TeangachaVolapük, Béarla agus an Ghaeilge
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinevertype.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Evertype Cuir in eagar ar Wikidata

Teangeolaí Meiriceánach agus Éireannach, ionchódóir scripte, clóchuradóir, clóghrafóir agus foilsitheoir is ea Michael Everson (rugadh 9 Eanáir, 1963). Reáchtálann sé comhlacht foilsitheoireachta darb ainm Evertype, trína bhfuil os cionn céad leabhar foilsithe aige ó 2006 i leith.

Baineann a shaineolas ar leith le córais scríbhneoireachta an domhain, go háirithe i léiriú na gcóras seo i bhformáidí ríomhaireachta agus meán digiteach. Sa bhliain 2003 dúirt Rick McGowan go raibh sé "probably the world's leading expert in the computer encoding of scripts” as a chuid oibre chun raon leathan scripteanna agus carachtair a chur leis an Uilethacar Carachtar. Ó 1993 i leith, tá breis is dhá chéad togra scríofa aige a chuir na mílte carachtar le ISO/IEC 10646 agus le caighdeán Unicode.