Eudes de Deuil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEudes de Deuil
Beathaisnéis
Breithc. 1110 (Féilire Ghréagóra)
Deuil-la-Barre Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1162 (Féilire Ghréagóra)
51/52 bliana d'aois
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisSean-Fhraincis
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaLaidin na meánaoise agus Sean-Fhraincis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Crosáid
Ord crábhaidhBeinidictigh

Manach dubh Francach, agus ab Shaint-Denis ón mbliain 1151, ab ea Eudes de Deuil, ar a dtugtar Odon de Deuil leis. Do rugadh é i nDeuil thart ar an mbliain 1110 agus do fuair sé bás ar an 8ú lá d'Aibreán insan mbliain 1162.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur fear de dhream iníseal a bhí ann, d'éirigh Eudes de Deuil ina chara rúin ag an ab Suger, duine a raibh ról tábhachtach i Ríocht na Fraince aige ag an am. Ab Shaint-Denis agus fear comhairle agesna ríthe Louis VI le Gros (Gaeilge: 'Louis VI, Louis ramhar') agus Louis VII le Jeune (Gaeilge: 'Louis VII, Louis óg') ab ea Suger, agus do chaith sé tréimhse ina leasrí nuair a bhí Louis VII i gcrosáid. As los thionchar Shuger, do ghlac an rí le hEudes mar rúnaí agus shagart méise.

Do bharr na bpost a bhí aige, do bhí Eudes in éineacht leis an rí agus eisean i gcrosáid insan mbliain 1147. Do chum Eudes croinic fén gcrosáid sin, an Tarna Crosáid, agus De l'expédition de Louis VII en Orient (Gaeilge: 'Fé Eachtra Louis VII insan Oirthear') an teideal atá uirthi. Tagann deireadh leis an gcroinic seo nuair a bhaineann na crosáidí Aintíoch amach. Is mór an cabhair atá insan gcroinic a chum Eudes de Deuil, toisc go dtugann sí léargas dúinn ar na deacrachtaí a bhain leis an gcrosáid sin (plé leis na Gréagaigh, dronga éagsúla i gceannas ar an Stát, agus mar sin de).

Tar éis d'Eudes de Deuil teacht thar n-ais ón gcrosáid, deineadh ab Shaint-Corneille de Compiègne de, rud a tharla i Mí Dheireadh Fómhair insan mbliain 1150, agus deineadh ab Shaint-Denis de nuair a fuair Suger bás ar an 13ú lá de Mhí Eanáir insan mbliain 1151. Ní raibh gach duine sásta glacadh le hEudes de Deuil mar ab áfach, agus do dhein drong manach iarracht fáil réidh leis: Do chuireadar ina leith gur bhain sé mí-úsáid as ciste na mainistreach - is fíor go raibh ciste na mainistreach éirithe gann de bharr réiteach i gcomhair na crosáide - agus gur dhúnmharfóir a bhí ann fiú. Do thug daoine áirithe tacaíocht d'Eudes, áfach - do scríobh San Bernard trí cinn de litreacha chun tacú leis, mar shampla - agus d'éirigh leis é féin a chosaint gan dua nuair a bhuail sé leis an bpápa, Anastasius IV. Ina dhiaidh sin, do glacadh leis mar ab Shaint-Denis agus do bhí an ról san aige go dtí lá a bháis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]