Erik Bruhn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Erik Bruhn
Erik Bruhn.jpg
Saol
Ainm iomlánErik Belton Evers Bruhn
Eolas breitheCóbanhávan, 3 Deireadh Fómhair 1928
NáisiúntachtAn Danmhairg
BásTorontó, 1ú Aibreán 1986
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse scamhóg)
Oideachas
Alma materThe Royal Danish Ballet School (en) Aistrigh
TeangachaAn Danmhairgis
Gairm
Gairmcóiréagrafaí, damhsóir bailé, ballet master (en) Aistrigh, aisteoir, damhsóir agus theatre manager (en) Aistrigh
Duaiseanna
IMDbnm0115822

Damhsóir, cóiréagrafaí agus aisteoir Danmhargach ab ea Erik Beltan Evers Bruhn (3 Deireadh Fómhair 19281 Aibreán 1986). I gCóbanhávan na Danmhairge a saolaíodh é. Thosaigh sé ag foghlaim damhsaíochta agus é 7 mbliana d'aois. Áirítear é mar dhuine de na damhsóirí ab fhearr den 20ú haois. Leannán, comráda agus cosantóir Rudolf Nureyev a bhí ann ó 1961 go dtí bás Bruhn den SEIF sa bhliain 1986. I dTorontó Cheanada a d'éag sé.

D'éirigh go maith le Bruhn agus é ag damhsa le Den Kongelige Ballet ("An Bailé Ríoga") i gCóbanhávan. Ansin, ar 1 Bealtaine 1955 dhamhsaigh sé leis an Ballet Theatre i Nua-Eabhrac, ócáid ar ar imir sé ról Albrecht in Giselle os comhair Alicia Markova, damhsóir a bhí 20 bliain níos sine ná é. Thóg a chuid damhsaíochta callán an lá sin agus bheoaigh a saol gairmiúil go hidirnáisiúnta. D'éirigh Bruhn as Den Kongelige Ballet sa bhliain agus i mí na Bealtaine chuaigh sé leis an Ballet Theatre. D'fhan sé leosan ar feadh 10 mbliana, cé gur chothaigh sé caidreamh le compántais bailé mhóra eile, san Eoraip go háirithe, sna blianta céanna.

Bruhn ag damhsa le Maria Tallchief, 1961