Eoghan Ó Riain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó Riain
Beathaisnéis
Breith1864
Bás1905
40/41 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

B'as Tiobraid Árann d'Eoghan Ó Riain (Eugene Ryan) (1864-1905), Éireannach a a bhí ina chónaí in Sydney na hAstráile sa chuid dheireanach den 19ú haois. Bhí sé chun tosaigh i measc lucht saothraithe na Gaeilge ann, agus é mór leis an Dr Nioclás Ó Domhnaill, Gaeilgeoir nótáilte as Melbourne a scríobh alt suimiúil faoin Rianach nuair a chuaigh sé siúd i gcré.

Rugadh an Rianach i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. Fraincis, Iodáilis agus Spáinnis ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge. A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i Maigheann Rátha.

An Rianach san Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig Eoghan féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan ina mhúinteoir in Maitland agus in Armidale in New South Wales. D'fhág sé an t-ord agus chuaigh ag obair san University College in Redfern, Sydney, áit ar thug sé dhá bhliain déag, é ag cur ógánach trí scrúduithe an Mháithreánaigh le haghaidh na hOllscoile nó trí scrúduithe na seirbhíse poiblí. Deirtear gur mhúin sé Gaeilge ann, agus rith sé ranganna don Chonradh. Phós sé ach ní raibh clann aige.

Sydney: an Halla Cathrach sa 19ú haois

Ba chliobaire d’fhear groí é an Rianach, féasóg fhada dhubh agus blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh jaunting car aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Botany laethanta saoire.

Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar in Sydney, agus eolas le fáil air ó chuntas bríomhar Niocláis Uí Dhomhnaill air: ochtar nó deichniúr páistí ag cleachtadh ríle nó poirt thuas an staighre, fidiléir agus píobaire le cloisteáil, gasra Muimhneach ag cíoradh chúrsaí an lae i nGaeilge i bparlús eile, fear an tí ina dhuine den chuideachta ó am go chéile, lucht imeartha cártaí go glórach ina gclúid féin: ‘An t-aon!’ ‘An t-aon harta!’ ‘Sonas ar do láimh, a bhuachaill,’ ‘An cuireata!’ ‘Mo ghraidhn thú, a Mhíchíl,’ ‘An cíoná!’ ‘T’anam ‘un Dia,’ ‘Is linne an cluiche’.

Bhí an Rianach ar a dhícheall ag cur chúis Home Rule chun cinn, é ina bhall de choistí agus d’fhochoistí agus airgead á bhailiú aige. Cailleadh é sa bhliain 1905 in aois a bhliana is dhá scór – bás roimh am – agus fuarthas teachtaireacht chomhbhróin ó Willy Redmond, ceannaire an pháirtí Éireannaigh in Westminster. Ní fios cén taobh a rachadh sé leis tar éis Sheachtain na Cásca, nuair a bhí na seanchuspóirí imithe le gaoth.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • O'Donnell, Nicholas: 'Death of Eugene Ryan,' The Advocate (Melbourne), 15 Iúil 1905.
  • 'Mr. Eugene J. Ryan's Funeral,' The Advocate (Melbourne), 15 Iúil 1905.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]