Eoghan Ó Siadhail
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1584 Contae na hIarmhí |
Bás | 21 Meitheamh 1650 65/66 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | lia mileata |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois |
Ba é an Dochtúir Eoghan Ó Siadhail (1584-1650) príomh-mháinlia airm Chónaidhm Chaitliceach na hÉireann ó 1642 go 1650. Tugadh “Iolar na nDochtúirí” air.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne sé staidéar i bPáras sa bhliain 1604. Chuaigh sé ansin go Lobháin, Padua agus go dtí an Róimh ag déanamh staidéir eile don leigheas. Ansin rinne máinlia airm na hÍsiltíre Spáinní de. Bhí sé ina cheannasaí ar an Ospidéal Ríoga i Mechelen.
D’fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1620. Tharraing sé clú air féin mar dhochtúir i mBaile Átha Cliath.
Chuaigh sé in airm na Cónaidhme sa bhliain 1642, ar dtús i bhfórsaí Laighean faoi Thomas Preston agus ó 1646 in airm Eoghain Rua Uí Néill.
Fuair sé bás i gCath na Scairbhe Soilse ar an 21 Meitheamh 1650.
Bhí sé pósta le Caitríona Tirial, iníon do Ristéard Tirial, tiarna Fhir Thulach, as Bealach an Tirialaigh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |