Emmett Till
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-us) Emmett Louis Till 25 Iúil 1941 Chicago (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Bás | 28 Lúnasa 1955 14 bliana d'aois Drew, Mississippi |
Siocair bháis | Linseáil (Tráma mhaol) |
Áit adhlactha | Reilig Burr Oak |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dalta |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Louis Till agus Mamie Till |
Croineolaíocht | |
28 Lúnasa 1955 | linseáil Emmett Till |
Gradam a fuarthas
| |
Déagóir Afrai-Mheiriceánach ab ea Emmet Till (25 Iúil 1941 – 28 Lúnasa 1955)[1][2] a dúnmharaíodh go barbartha i Mississippi le linn an ré Dlíthe Jim Crow.[3]
Dúnmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Emmett Till in Chicago na bliana 1941. Maraíodh a athair i dtreo dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ba iad a mháthair Mamie agus a sheanmháthair Alma a thóg é. D’éalaigh Mamie agus Alma as Mississippi ciníoch na bhfichidí mar chuid den ‘Great Migration’. Chuireadar fúthu in Chicago.
I samhradh na bliana 1955 agus gan Till ach ceithre bliana déaga, cinntear go rachadh sé ar cuairt leis féin chuig daoine muinteartha i Mississippi, óir go raibh na Dlíthe Jim Crow in ard a réime sa Stát ag an am sin.[3]
Ansin tarlaíonn eachtra chinniúnach agus Till i siopa mar a bhfuil bean phósta agus óg (21), Carolyn Bryant (Bennett), ag tindeáil air. Níl a fhios againn céard a tharla i ndáiríre ach bhraith Bryant 'maslaithe'. B'fhéidir gur mhaslaigh Till, 14 ag an am. í gan fhios dó féin.
Cúpla lá ina dhiaidh sin d’fhuadaigh fear céile Carolyn agus a leasdeartháir Till. Fuarthas corp Till briste brúite in abhainn an Tallachatchie ina dhiaidh sin.
Tórramh agus feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheoladh an corp ar ais chuig Chicago. D'éiligh máthair Till, Mamie, go mbeadh an chónra oscailte ag tórramh Till. Thug sí cuireadh do ghrianghrafadóir pictiúr a thógaint le go bhfeicfeadh an saol mór an drochíde a tugadh dá mac.
Chuir na himeachtaí seo alltacht ar an bpobal agus suim sa chás. Seans go raibh tionchar acu ar an gcinneadh dúnmharú a chur i leith an bheirt fhear, Roy Bryant (fear céile Carolyn) agus a dheartháir, J.W. Milam,. Ach fuarthas neamhchiontach i ngach cúis iad. Dá bharr sin, bhailigh an feachtas cearta sibhialta neart, ag cur i gcoinne an chiníochais, atá go rábach, ó dheas fós.
Sa bhliain 2023, maireann Carolyn Bryant Donham (in aois 88 di) i gcónaí.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Editorial: Emmett Till, and Mamie Till Mobley, still await justice". Chicago Tribune. Dáta rochtana: 2023-01-27.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (27 Eanáir 2023). "Saothar cumhachtach tráthúil faoi chiníochas thréimhse Jim Crow" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-27.
- ↑ 3.0 3.1 "Jim Crow laws" (as en) (2023-01-25). Wikipedia.
- ↑ Associated Press in Greenwood Mississippi (2022-08-09). "Emmett Till: woman whose accusation led to lynching will not be charged" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2023-01-27.