Elon Musk
Is fiontraí, fear gnó, ilbhilliúnaí, innealtóir, agus aireagóir é Elon Reeve Musk (a rugadh in Pretoria, san Afraic Theas ar 28 Meitheamh 1971).[1][2] Aithnítear é mar chomhbhunaitheoir PayPal, SpaceX, Tesla Motors agus Solar City. Stiúrthóir ginearálta ar Twitter, SpaceX agus Tesla Motors é faoi láthair, agus uachtarán ar SolarCity chomh maith.
Airgeadas
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh Musk ina ilbhilliúnaí i dtús na 2000idí nuair a bhunaigh sé PayPal, an gcóras íoctha ar líne is mó ar domhan,
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil ar Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.
Tá cáil ar Musk chomh maith as leagan príobháideach den tointeálaí spáis (an F9/Dragon) a dhearadh.
Ag comhdháil TED i gCeanada sa bhliain 2022, thaispeáin an ceapadóir an físeán seo[2] a bhaineann lena thogra, an ‘Boring Company’. Tá sé mar fhís ag Musk tolláin iompair a tholladh sa talamh faoi chathracha móra mar Los Angeles.
Cheannaigh Elon Musk Twitter ar 27 Deireadh Fómhair 2022.[3][4] Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Agallamh le Musk (2022). "Elon Musk talks Twitter, Tesla and how his brain works — live at TED2022" (as en).
- ↑ 2.0 2.1 "Elon Musk Takes An Awkward Turn As 'Saturday Night Live' Host" (en). NPR.org. Dáta rochtana: 2022-11-08.
- ↑ Sanjay Patnaik, Robert E. Litan, and James Kunhardt (2022-11-04). "The national security grounds for investigating Musk’s Twitter acquisition" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2022-11-05.
- ↑ NÓS (2022). "‘Is beag an tionchar a bheidh ag Musk ar Twitter na nGael’ – Scannell" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-08.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-04-26). "Muinín ag bunaitheoir Twitter as a bhfuil ar intinn ag Elon Musk" (as ga-IE).