Ella Young

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElla Young

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Nollaig 1867
Contae Liatroma, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Iúil 1956
88 bliana d'aois
Oceano, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, miotagrafaí, scríbhneoir litríocht pháistí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil California, Berkeley Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínRóis Ní Ógáin

Musicbrainz: 1a40996a-8e4a-49a7-ac2e-1c42118de8ca Discogs: 914850 Cuir in eagar ar Wikidata

File Éireannach agus miotaseolaí Ceilteach a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge agus in Athbheochan liteartha na gCeilteach san 19ú haois déanach agus go luath san 20ú haois ab ea Ella Young.[1]

Ar na leabhair do pháistí, a bhunaigh sí ar scéalta sa bhéaloideas agus sa mhiotaseolaíocht, a sheasann a clú mar scríbhneoir. Chuir sí amach cúig leabhar filíochta idir 1906 agus 1950. 

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá rómánsaíocht le brath ar gach rud dírbheathaisnéisiúil a scríobh sí ach níl amhras ach gur fhoghlaim sí Gaeilge agus go mbíodh sí i gcomhluadar na mban uaisle a shaothraigh don teanga i dtús an 20ú haois.

Ba í an ‘Eibhlín Ní Ógáin’ úd í a sheas le Móirín Ní Shionnaigh an lá a phós sí Claud Chavasse. I bhFíonach i gContae Aontroma a rugadh í ar 26 Nollaig 1867 agus Ellen a baisteadh uirthi. Ceannaí ba ea a hathair James Bristow Young agus ba é Luimneach a sheoladhsan ag am na breithe, dar leis an teastas. Ba í Matilda Ann Russell a máthair. Preispitéirigh ba ea iad agus thug Ella féin le tuiscint gur tiarnaí talún a bhí ina muintir uair.

Naonúr ar fad a rugadh don lánúin ach níor mhair díobh ach seisear, de réir Dhaonáireamh 1911. Faoin am sin bhí siad ag lonnú i mBaile Átha Cliath le tuairim 25 bliana agus cónaí orthu ag 57 Cearnóg Grosvenor, Ráth Maonais. Ella an t-aon duine amháin sa teaghlach a raibh Gaeilge aici—bhí BA aici agus ba í an mhúinteoireacht a slí bheatha, dar le foirm an Daonáirimh. An Ollscoil Ríoga a thug an chéim di in 1898[2].

Tá cuntas ina cuimhní cinn Flowering dusk, (1945) ar rang a bhí á stiúradh aici do Iníní na hÉireann agus stair na tíre á múineadh aici ‘to about 80 denizens of untamed Dublin: newsboys, children who had played in street alleys all their lives, young patriot girls and boys who can scarcely write their own names’.

Tá scéal aici ar a céad chuairt ar an nGaeltacht nuair a chuaigh sí siar go Cill Chiaráin le Maud Joynt agus Mary Scarlett. Chaith sí tréimhsí in Acaill freisin. Tugann sí cuntas freisin ar a páirt i ngluaiseacht na saoirse ó 1912 ar aghaidh. Is toisc a hainm a bheith ar liosta dubh na n-údarás a d’fhill sí ar Chonamara tar éis an Éirí Amach.

Bhí sí ar ais i mBaile Átha Cliath i 1919 agus is toisc a líonmhaire a bhí na cairde a maraíodh a thug sí Meiriceá uirthi féin i 1925. Tar éis tamaill ansin ag léachtóireacht fuair sí post léachtóra in Ollscoil California (Phelan Memorial Lectureship) agus an litríocht agus an mhiotaseolaíocht Cheilteach mar ábhair aici.

Fuair sí bás ar 23 Iúil 1956.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo » Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ 
  • Tá cuntas ar a saothar liteartha ag M.Kelly Lynch in Macmillan "Dictionary of Irish literature" mar aon le leabharliosta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “YOUNG, Ella (1867–1956) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. ‘It was not until I came to Dublin and met Standish [James] O’Grady, AE and Kuno Meyer that I realised that a heritage awaited me in Celtic literature. I read every translation I could get, learned Irish and betook myself to Gaelic Ireland where, by turf fires, I could hear poems of the Fianna recited by folk who had heard the faery music and had danced in faery circles. From such folk I gathered together the tales of the Gobán Saor which later I put together in The wondersmith and his son’, a dúirt sí in 20th century authors, 1967 le Kunitz agus Haycroft.