Elizabeth Butler-Sloss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaElizabeth Butler-Sloss

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Elizabeth Butler-Sloss, Baroness Butler-Sloss
Beathaisnéis
Breith(en) Ann Elizabeth Oldfield Havers
10 Lúnasa 1933
90 bliana d'aois
Buckinghamshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
13 Meitheamh 2006 –
Uachtarán Rannán an Teaghlaigh
1 Deireadh Fómhair 1999 – Aibreán 2005
Tiarna Breitheamh Achomhairc
1988 – 1999
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síWycombe Abbey School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmbreitheamh, polaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileJoseph William Alexander Butler-Sloss (1958–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrances Ann Josephine Butler-Sloss, Robert Joseph Neville Galmoye Butler-Sloss, William Edmund Patchell Minchin Butler-Sloss Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCecil Havers  agus Enid Snelling
Gradam a fuarthas

Breitheamh de chuid Shasana ba ea An Banbharún Elizabeth Butler-Sloss (a rugadh ar 10 Lúnasa 1933). Bhí sí ar na chéad mhná a bhain post breithiúnach sinsearach amach i Sasana agus An Bhreatain Bheag.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iníon le habhcóide (ina bhreitheamh den Ard-Chúirt ní ba dhéanaí, An Ridire Cecil Havers) ina theannta sin is deirfiúr leis an Tiarna Havers í; bhí sé ina Ard-Aighne ó 1979 go 1987 agus ansin ina Ard-Seansailéir ar feadh seal gairid.

Glaodh chun an Bharra uirthi sa bhliain 1955 (ag an Teampall Istigh.) Rinne Cláraitheoir i bPríomhchlárlann na Rannóige Teaghlaigh di sa bhliain 1970.

Ba í an ceathrú bean a ceapadh ar an Ard-Chúirt sa bhliain 1979 (curtha chuig an Rannóg Teaghlaigh.)

Ba í an chéad bhean a ceapadh ar an gCúirt Achomhairc, sa bhliain 1988, agus an chéad bhean a ceapadh ina hUachtarán ar an Rannóg Teaghlaigh (post a bhí aici ó 1999 go 2005.) Mar sin, ba í an breitheamh mná ba shinsearaí i Sasana agus An Bhreatain Bheag go dtí gur ceapadh An Banbharún Hale i dTeach na dTiarnaí sa bhliain 2004.[1]

Rinneadh bantiarna saoil de Butler-Sloss sa bhliain 2006.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dhá chonspóid maidir lena cuid oibre i ndiaidh di éirí as an mbinse.

Sa bhliain 2007, d'éirigh sí as a post mar Chróinéir a bhí i mbun an ionchoisne maidir le bás Diana, Banphrionsa na Breataine Bige, toisc gur chuir an Ard-Chúirt ar neamhní an cinneadh a rinne sí ionchoisne gan giúiré a chur ar bun agus toisc gur cheap sí nach raibh an taithí aici a bheadh ag teastáil uaithi agus í ag i gceannas ar éisteacht le giúiré.[1]

Sa bhliain 2014, d'éirigh sí as mar chathaoirleach ar an bhFiosrúchán Neamhspleách maidir le Mí-úsáid Ghnéis ar Leanaí i Sasana agus An Bhreatain Bheag, mar gheall ar agóidí a cuireadh isteach in aghaidh a hoiriúnachta don phost, ó ba rud é go raibh gaol gairid aici le ball de cheann de na rialtais a bhféadfadh go ndéanfaí iniúchadh ar a iompar agus mar gheall ar líomhaintí gur léirigh sí go raibh sí claonta i dtaobh Eaglais Shasana le linn fiosrúchán den chineál céanna.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Michael Havers". Dáta rochtana: 2021.