Elizabeth Allen (file)
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | SCECGS Redlands (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Suíomh gréasáin | thepoetelizabethallen.com |
File agus scríbhneoir próis ón Astráil is ea Elizabeth Allen.
Tá Allen ina cónaí in Sydney. Fuair sí céim onórach den chéad ghrád i litríocht na hAstráile agus Baitsiléir Ealaíon sa Mhúinteoireacht (Bunscoil) ó Ollscoil Sydney.[1]
Tá a cuid filíochta, gearrscéalta agus léirmheastóireachta liteartha le fáil ina lán irisí agus díolamaí. Orthu sin tá Cordite, Journal of Poetics Research, Bodega, Overland, Australian Book Review (ABR), Southerly, Otoliths, HEAT, Ajar, Rabbit Poetry Journal, Mascara Literary Review, Contemporary Australian Poetry (Puncher & Wattmann, 2016), agus the Best Australian Poems (Black Inc. 2012 agus 2014).[1]
Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Body Language (Vagabond Press, 2012) agus Present (Vagabond Press, 2017). Tá a lán duaiseanna gnóthaithe aici, agus is iomaí rang filíochta a reáchtáil sí do pháistí agus do dhaoine fásta.[1]
Tá sé ráite faoina saothar go bhfuil greann deas féinmhaguil ann ach gur féidir leis sinn a tharraingt i bhfad níos doimhne, i dtreo go dtagaimid aníos agus a fhios againn nach féidir an crá a sheachaint ach go bhfuil gá le sult agus gur aisteach an mac an saol.[2] Tá tagairt déanta chomh maith do mhire chriostallach a cuid dánta, d’úsáid na gnáthchainte, agus don chumas atá acu do chroí a bhriseadh beagnach.[3]
Sleachta[4]
[cuir in eagar | athraigh foinse](Sliocht as “After seven long years underground”)
After seven long years underground |
Agus seacht mbliana caite aici faoi thalamh |
(Sliocht as “Walking to Greenwich Baths, for JG”)
how you have small neat hands |
nach comair iad do lámha beaga |
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 The Poet Alizabeth Allen (suíomh): https://thepoetelizabethallen.com/about/
- ↑ Review: Jessica Wilkinson, New Poetry - Fruitful Playgrounds. Sydney Review of Books: https://sydneyreviewofbooks.com/review/present-domestic-interior-passage/
- ↑ David Gilbey reviews Adam Aitken and Elizabeth Allen, Cordite Poetry Review, 19 December 2018: http://cordite.org.au/reviews/gilbey-aitken-allen/
- ↑ Féach "Fifty-one contemporary poets from Australia: Part 5," Jacket, eag. Pam Brown:https://jacket2.org/poems/poems-elizabeth-allen