Eitilt le sreanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córais rialaithe in eitleáin ina gcruthaítear comharthaí leictreacha ó rialaitheoirí an phíolóta, agus a bpróiseáltar na comharthaí sin le ríomhaire chun comharthaí stiúrtha a chur chuig na dromchlaí stiúrtha: an stiúir, na hailearáin, na plapaí is eile. Roimhe seo dhéanadh rialaitheoirí an phíolóta cáblaí a tharraingt nó a bhrú chun córais hiodrálacha a fheidhmiú agus na dromchlaí stiúrtha a thiomáint. Meastar go mbeidh na córais eitilte le sreanga i bhfad níos iomláine is níos gasta chun freagartha nuair a thiontaíonn an aimsir clamprach nó i gcoinníollacha deacra eitilte eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eitilt le sreanga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.