Eiritreapóéitin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormón (ar polaipeiptíd é) atá i láthair i veirteabraigh, a tháltar sna duáin den chuid is mó, agus orgáin eile, cosúil leis an ae. Spreagann sé prólaiféarú is aibiú na n-eiritricítí (cealla dearga na fola) i smior dearg na gcnámh. Spreagann easnamh ocsaigine i gcealla (nár aithníodh fós iad) sna duáin feabhas ar thál an hormóin seo, rud a mhéadaíonn tiúchan na n-eiritricítí in imshruthú na fola agus, mar sin, tiúchan na hocsaigine san imshruthú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eiritreapóéitin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 245.