Einsatzgruppen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEinsatzgruppen
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrEGr Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáldeath squad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíochtdeath squad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaNaitsíochas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1939
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinReinhard Heydrich (1939–1942)
Ernst Kaltenbrunner (1943–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtReich Main Security Office (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Cuid deSS Cuir in eagar ar Wikidata

Scuaid maraithe de chuid na Naitsithe, nó scuaid an bháis, ba ea na Einsatzgruppen. Taobh amuigh de na campaí géibhinn, mharaigh na Naitsithe agus lucht a dtacaíochta milliún agus sé chéad míle Giúdach amuigh faoin spéir, go háirithe sa bhliain 1941, sular thosaigh an tUileloscadh i gceart sna sluachampaí. Nuair a thosaigh an t-ionradh ar an Aontas Sóivéadach, chuaigh scuaid an bháis, nó na Einsatzgruppen, isteach sna sálaí ag an arm, agus iad ag marú rompu, idir Pholannaigh, fheidhmeannaigh Chumannacha, agus Ghiúdaigh.

Ceaptar go minic gur sna campaí géibhinn ba mhó a cuireadh daoine den saol agus ní dhéantar mórán tagairtí don Einsatzgruppen. Ach ins na tíortha Eorpacha a bhí i ngreim ag na Naitsithe, chuir na póilíní agus a lucht leanta a bhí sa ngrúpa sin, níos mó daoine chun báis ná mar a rinne na campaí.

Thugadar daoine, Giúdaigh den chuid ba mhó, ach chomh maith leosan daoine nár aontaigh leo, amach faoin tuath, chuireadar iallach orthu trinsí a dhéanamh agus chaitheadar le gunnaí iad ionas go dtitfidís marbh isteach sna huaigheanna a bhí déanta acu féin.[1]

Oibríochtaí de chuid na Einsatzgruppen
Leszno, An Pholainn, 21 D.F.1939, Einsatzkommando i mbun a gcuid oibre
Mná agus páistí as Mizocz 13 D.F. 1942 roimh a mbású...
... níos déanaí, críochnaíonn saighdiúir Géarmánach an jab

Oirthear na hEorpa[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na Polannaigh an chéad targaid a bhí ag na scuaid seo, nó sa bhliain 1940, rinne siad oibríocht ar ar tugadh Ausserordentliche Befriedungsaktion, is é sin, oibríocht neamhghnách cheansaithe, agus is é an cuspóir a bhí leis an oibríocht seo ná aos léinn na Polainne a locadh, a chimiú agus a mharú. Gabhadh tríocha míle duine, agus sa deireadh, maraíodh seacht míle acu. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1941, bhí na scuaid ag cromadh ar na Giúdaigh. Rinneadh an chéad mhór-ródach ar na Giúdaigh i mBiałystok ar an aonú lá fichead de Mhí an Mheithimh sa bhliain chéanna, agus bhí dhá mhíle is dhá chéad Giúdach thíos leis.

Ina dhiaidh sin, chuaigh an marú ar aghaidh agus é fiú ag dul i méadaíocht. Mharaigh fórsaí Gearmánacha an SS míle go leith de Ghiúdaigh i gKaunas ar an séú lá fichead de Mhí an Mheithimh.

Mharaigh tacadóirí Úcránacha na Naitsithe 4,000 Giúdach i Lviv i ndeireadh Mhí an Mheithimh agus i dtús Mhí Iúil sa bhliain 1941. Ó Mhí Mheán Fómhair go deireadh na bliana céanna, chuaigh an ródach ar fud na Polainne, na Liotuáine, na hÚcráine agus na Laitvia. Básaíodh corradh is 33,000 Giúdach i mBabi Yar. Mharaigh comhoibrithe Laitviacha na Naitsithe (Cománlach Arajs) 25,000 duine i Rumbula.

In Odessa, b'iad na fórsaí Rúmánacha a bhí i mbun oibre, agus chuir siad 36,000 duine chun báis.

Ag Naoú Daingean Kaunas agus i bPaneriai, b'iad na Gearmánaigh féin a rinne an marú, is é sin, an SS, agus fuair 19,000 duine bás i gKaunas agus 40,000 duine i bPaneriai (sa bhliain 1944, shroich an dara figiúr seo 100,000).

Ar feadh cúig mí, fuair 100,000 Giúdach bás in aghaidh na míosa. Nuair a tháinig deireadh na bliana 1943, bhí 900,000 Giúdach eile básaithe ar an dóigh seo, ach ní raibh an obair ag dul ar aghaidh sách sciobtha le lucht ceannasaíochta na Naitsithe a shásamh. I ndeireadh na bliana 1941 agus i dtús an chéad bhliain eile, chrom siad ar an bhFuascailt Deiridh (Endlösung) a chur i gcrích, is é sin, díothú iomlán na nGiúdach san Eoraip.

An Chróit agus Seirbia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1941, bunaíodh "stát náisiúnta na Cróite" le hurraíocht na Naitsithe, agus b'iad na Seirbiaigh, thar aon dream eile, a bhí thíos leis sin. Bhí Seirbiaigh á ndó ina mbeo istigh ina gcuid eaglaisí, á marú ag scuaid bheaga bháis, na "triúraithe dubha" (ní bhíodh ar scuad den chineál seo, go minic, ach triúr), agus iad ag dul ó shráidbhaile beag go sráidbhaile beag, ag tabhairt nimhe do na madraí, ag caitheamh daoine beo síos i bpoill doimhne sa talamh agus ag martrú na ndaoine a bhí cimithe acu. Bhí campa báis ag na Crótaigh le haghaidh na Seirbiach i Jasenovac sula raibh gású na nGiúdach tosaithe ag na Naitsithe, agus chreathnaigh na Naitsithe féin roimh chruálacht na gCrótach ansin, cé go raibh siad le scéimeanna díothaithe a chur i gcrích ina gcuid campaí féin go gairid ina dhiaidh sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mairéad Ní Nuadháin (2 Feabhra 2024). "An eite dheis sa Ghearmáin – ní mar a shíltear a bhítear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-03.