Eilifintiáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Othar thíos leis an eilifintiáis thropacach.

Is éard is eilifintiáis ann ná at mór coise nó na gcos le chéile, an chadairne, is uaireanta na ngéag, mar gheall ar chalcadh na gcainéal limfeach ag fioláiriáis. Is galar é seo de bharr inmhíolú péisteanna néimeatóide ar leith a chuireann tús le hat na soitheach limfeach. Faightear sna trópaicí amháin í.