Eibhlín Ní Choillte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEibhlín Ní Choillte
Beathaisnéis
Floruit1745
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Síltear gurbh í Eibhlín Ní Choillte (fl. 1745) an file a chum ceann de na hamhráin Sheacaibíteacha ba mhó a raibh glaoch orthu: “Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha”. Tá breis is fiche cóip de ann. Murab ionann is cuid de na hamhráin a tháinig roimhe, tá sé lán de dhóchas agus de mheanma.[1]

Ainmnítear an t-údar mar Eibhlín Ní Choillte nó Eibhlín Ní Eachiarainn, ach tá an chéad ainm le fáil sa chuid is mó mó de na lámhscríbhinní éagsúla. Síltear gurbh as Cathair Dhroinge láimh le Baile Mhistéala di.[1]

Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha (sliocht)[2][cuir in eagar | athraigh foinse]

Stadaidh bhur ngéaghol, a ghasra chaomhdha,
Ná scaipidh bhur ndéara, ní gá dhíbh,
Táid fearchoin laochta na Banba aosta
Go bagrach baolach ag gardaíocht,
An aicme seo an Bhéarla atá i gceannas na hÉireann
Do cheangail ár gcléir bhocht fá ardchíos –
Beid feasta fá dhaorbhroid ag freastal do Ghaelaibh
Is gan acfainn a saortha ag Seán Buí.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ní Choillte, Eibhlín (fl. 1745): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2151
  2. Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.), “Courts and Coteries II” in Angela Bourke (eag.), Field Day Anthology of Irish Writing IV: lch 435. NYU Press, 2002.