Eascann mhuraenach
Appearance
Muraenidae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Anguilliformes |
Fine | Muraenidae Rafinesque, 1810 |
Fine mhór eascann mara, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha teo, is ea an eascann mhuraenach. Tá thart ar 200 speiceas i 15 géineas ann. Tá na heití droma is anasacha leanúnach, gan aon eite pheilbheach ná uchtach. Tá na fiacla dea-fhorbartha. Is féidir leis na cineálacha is mó a bheith thar 3 m ar fhad. Tá cineál sa Mheánmhuir, Muraena helena (a dtugtar “eascann mhuraenach” air freisin[1]), atá suas le 1.3 m ar fhad, breacdhonn buí, agus an-ionsaitheach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Muraena helena” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eascann mhuraenach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |