Tadhg mac Céin
I Miotaseolaíocht na nGael, rí seanscéalach ba ea Tadhg mac Céin. Faightear scéal morálta faoi i Sanas Cormaic den 10ú haois. Caomhnaítear an scéal fosta i Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh den 15ú haois.
Eachtra Thaidhg mhic Céin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shocraigh mac Thaidhg fleadh a eagrú dá athair, ag a riarfaí feoil de gach sórt. Theip air ach amháin broic, i bhfolach ina mbrocach, a fháil. Rug sé greim de chleas orthu sa deireadh, trí gheallúint tugtha in ainm a athair, go bhfágfaí gan suaitheadh iad. Óir go raibh muinín acu ann, tháinig na broic amach, ach maraíodh iad. Nuair a thóg an mac na hainmhithe chun na fleidhe, chuir a athair é le teann feirge mallacht air, toisc gur bhris sé geallúint tugtha ina ainm.[1]
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fréamhaítear an t-ainm Tadhg ón bPrótai-Cheiltis *tazgo- (broc), arb amhlaidh gur ainmhí tótaim na ríthe é. Focal Ceiltise eile don bhroc ab ea *brokko-, as Breatnais broch, as Béarla brock.[1]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bernhard Maier: Kleines Lexikon der Namen und Wörter keltischen Ursprungs. C.H. Beck OHG, München 2003, ISBN 3-406-49470-6.