Eachlann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eachlann

Is éard is eachlainne ann ná sraith nó clós stáblaí agus tithe carráistí a bhfuil áit chónaithe os a gcionn, a tógadh taobh thiar de thithe móra na cathrach sular tháinig mótarfheithiclí in áit na gcapall go luath san fhichiú haois. Is iondúil go mbíonn eachlanna suite i gceantair chónaithe a bhfuil an-éileamh orthu, tar éis iad a bheith tógtha chun freastal ar chapaill, ar chóisteoirí agus ar sheirbhísigh stáblaí na gcónaitheoirí rathúla.

Baintear úsáid as an bhfocal chun Mews an Bhéarla a aistriú.[1]

Tar éis theacht an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh caolsráideanna agus na tithe garáistí le haghaidh gluaisteán ina n-áit.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]