Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais |
Réimse oibre | caomhnú an chomhshaoil |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | epa.ie |
Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó an GCC (EPA nó Environmental Protection Agency of Ireland) freagrach as an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú do mhuintir na hÉireann, agus an comhshaol a chosaint ó éifeachtaí díobhálacha na radaíochta agus an truaillithe.[1]
Freagrachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá réimse leathan freagrachtaí ag an GCC, ina measc...
- Ceadúnú (gníomhaíochtaí tionsclaíocha, an diantalmhaíocht, rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe, foinsí radaíochta ianúcháin, scardadh dramhuisce agus mar sin de).
- Bainistíocht Uisce ̈(mar shampla, monatóireacht, anailís, tuairisciú srl)
- Rialú Astaíochtaí na nGás Ceaptha Teasa
- Cosaint Raideolaíoch
- Forfheidhmiú Náisiúnta i leith Cúrsaí Comhshaoil, Taighde, Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Oideachas, Múscailt Feasachta agus Athrú Iompraíochta, agus mar sin de.
Tuairiscí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Athrú aeráide in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir fhigiúirí foilsithe ag an nGCC i mí Iúil 2022, bhí an sceitheadh gáis in Éirinn 5% níos airde sa bhliain 2021 [3]i gcomparáid le 2020, agus 1% in aghaidh 2019.[4][5]
De réir an GCC, bhí "trí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus bhí baint mhór aige sin leis an ardú ar astaíochtaí. 18% d’ardú a tháinig ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.
Tháinig 3% d’ardú ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta — ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 6% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin, agus cuireadh 3% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne in Éirinn. Tháinig méadú ar líon na mbeithíoch sin gach bliain... le 11 bliain anuas.[5]
D'fhoilsigh an GCC tuarascáil ar 2 Meitheamh 2023,[6][7] a léirigh
- Nach mbainfear amach an laghdú 51% ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 atá mar sprioc reachtúil ag an rialtas.
- Nach mbainfear amach ach oiread an laghdú 42% ar astaíocht atá mar sprioc éigeantach ag an Aontas Eorpach.
- Nach mbainfear amach ach laghdú 29% de réir na straitéise atá i bhfeidhm.
- Nach mbeidh aon dul as againn i gceann seacht mbliana, mura n-athraíonn lagchomhlíonadh Phlean Aeráide an rialtais, ach liúntais astaíochta a cheannach ó bhallstáit eile an AE.
- Nach bhfuil ag éirí leis an stát an nasc idir fás eacnamaíochta agus astaíocht a bhriseadh.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athrú aeráide in Éirinn
- Caomhnú an chomhshaoil
- An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sna Stáit Aontaithe
- Gníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach
- Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (Éire)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Environmental Protection Agency. "Eolas Faoin EPA" (en). www.epa.ie. Dáta rochtana: 2022-07-21.
- ↑ Hannah Ritchie, Max Roser, Pablo Rosado (2020-05-11). "CO₂ and Greenhouse Gas Emissions". Our World in Data.
- ↑ 61.5 milliún thona Mt CO2eq
- ↑ GCC (21 Iúil 2022). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions, 1990-2021". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Iúil 2022. Dáta rochtana: 22 Iúil 2022.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-07-21). "5% d'astú sa mbreis ar ghásanna ceaptha teasa" (as ga-IE).
- ↑ epa.ie (Meitheamh 2023). "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE).