Déine lonrúil
Cuma
Cineál | kind of quantity (en) agus ISQ base quantity (en) |
---|---|
Foirmle |
An tsreabh solais infheicthe atá in ann soilsiú a thabhairt a astaítear ó fhoinse in aghaidh na huillinne soladaí. Úsáidtear an tsiombail I chuici, agus tomhaistear í i gcaindéilí (cd). Cuirtear san áireamh go bhféadfaidh dhá fhoinse a bheith ag an aschur céanna solais, léas dian dírithe ag ceann acu, b'fhéidir. Neamhspleách ar an bhfad amach ón bhfoinse. Tá an paraiméadar seo gaolmhar leis an lonras (an ghile a thugtaí air seo tráth), le siombail L agus aonad caindéilí in aghaidh an mhéadair chearnaigh (cd m-2). Is é lonras spéire soiléire goirme ná timpeall 4,000 cd m-2.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Déine lonrúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 205.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |