Déine lonrúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An tsreabh solais infheicthe atá in ann soilsiú a thabhairt a astaítear ó fhoinse in aghaidh na huillinne soladaí. Úsáidtear an tsiombail I chuici, agus tomhaistear í i gcaindéilí (cd). Cuirtear san áireamh go bhféadfaidh dhá fhoinse a bheith ag an aschur céanna solais, léas dian dírithe ag ceann acu, b'fhéidir. Neamhspleách ar an bhfad amach ón bhfoinse. Tá an paraiméadar seo gaolmhar leis an lonras (an ghile a thugtaí air seo tráth), le siombail L agus aonad caindéilí in aghaidh an mhéadair chearnaigh (cd m-2). Is é lonras spéire soiléire goirme ná timpeall 4,000 cd m-2.