Duga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Imchuach ar féidir le longa lastanna a lódáil, lón a chur ar bord is deisiúcháin a dhéanamh ann. Ag brath ar an taoide, bíonn geataí ar dhuga uaireanta, ionas nach féidir fáil isteach nó amach ag tréimhsí áirithe. Is duga tirim duga inar féidir an long a chur ar bhloic is an t-uisce a chaidéalú amach chun obair a dhéanamh ar an taobh amuigh de thaobh íochtarach na cabhlach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Duga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 226.