Dubhaltach Mac Fhirbhisigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDubhaltach Mac Fhirbhisigh
Beathaisnéis
Breith1585
BásEanáir 1671
85/86 bliana d'aois
An Scrín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, staraí, ginealeolaí, seandálaí, file, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
TeaghlachMac Fhirbhisigh (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c. 1600 – 1671) staraí oidhreachtúil deireanach na hÉireann.

I Leacán i seanlimistéar Thír Fhiachrach (i gContae Shligigh) a rugadh é. Bhí Clann Fhir Bhisigh ina gcónaí ann le tamall fada. Ba é Giolla Íosa Mór (d’éag 1643) athair an Dubhaltaigh, agus bhí lúb ghaoil ag a mháthair le Brian Mac Diarmada, a chuir Annála Loch Cé le chéile. Giolla Íosa Mór féin a chuir le chéile Leabhar Leacáin agus Leabhar Buí Leacáin. Triúr deartháireacha a bhí ag an Dubhaltach agus, b’fhéidir, cúpla deirfiúr, agus ní fios ar phós sé. Ba é an duine deiridh é dá mhuintir a chuaigh le léann.[1]

Ní luaitear é go dtí 1643 agus é i mBaile Mhic Aogáin i gContae Thiobraid Árann, áit a raibh sé i mbun Dúil Laithne, gluais Laidine,[2] agus ag cóipeáil annálacha.[3] Dealraíonn sé gur tugadh teagasc sa dlí dó i scoil cháiliúil ar bhruacha Loch Deirgeirt. Fuair sé oiliúint mar fhile freisin. Deirtear gur thug sé Béarla, Laidín agus roinnt Gréigise leis ó scoil i nGaillimh.

B’fhéidir gur i dtús na 1640í a scríobh sé Chronicum Scotorum,[4] agus sna 1640í freisin a chuir sé Foclóir Féineachais le chéile, saothar nach maireann de ach blúire. I nGaillimh a bhí cónaí air idir 1645–c.1652, tréimhse corraithe, agus é ag breacadh Leabhar Mór na nGenealach. Saothar é atá inchomórtais le Annála Ríoghachta Éireann.[5]

Agus é i nGaillimh d’aistrigh sé go Gaeilge rialacha a bhain le hOrd San Clára, a raibh clochar acu ann.[6] Sa cholafan deir sé: ‘Dá dtugadh an treas ní dá aire, mar atá simplíocht nó bacaí na Gaeilge a chuireas orthu seo: ní trí ghainne na Gaeilge tig sin, ach trí easpa a heolais ar chách [mná rialta an oird], ionnas gurb usa leo focail choimhthíocha a thuiscint ná focail fhíora na Gaeilge’.[7]

Timpeall 1653 bhí sé ar ais i dTír Fhiachrach. Tá tagairt déanta dó i dtuairisc cháin na toite (‘Hearth Tax’) i 1663 mar ‘Dudley Firbissy’.

Bhí caidreamh aige leis an Ridire James Ware, scoláire cáiliúil, agus d’aistrigh sé iontrálacha ó Annála Leacáin dó. Mír luachmhar an t-aistriúchán sin ó cailleadh an buntéacs. D’fhill an Dubhaltach ar Thír Fhiachrach i ndiaidh bhás Ware, agus dhúnmharaigh Thomas Crofton éigin é i dteach síbín in Eanáir 1671.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Fhirbhisigh, An Dubhaltach (c.1600–1671). Ainm.ie: http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1358.
  2. I gcló ag Whitley Stokes in Goidelica in 1872.
  3. I gcló ag J.N. Radner faoin teideal Fragmentary Annals of Ireland, 1978.
  4. In eagar ag W.M. Hennessy 1886.
  5. Mac Fhirbhisigh, An Dubhaltach (c.1600–1671). Ainm.ie: http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1358.
  6. I gcló ag Eleanor Knott in Ériu, 15, 1948: ‘A seventeenth century Irish version of the Rule of St. Clare’.
  7. Luaite in Mac Fhirbhisigh, An Dubhaltach (c.1600–1671). Ainm.ie: http://ainm.ie/Bio.aspx?ID=1358.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Muraíle, Nollaig (1996). The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600–1671): His Lineage, Life and Learning. Maigh Nuad: An Sagart.

Ó Muraíle, Nollaig (1996). ‘“Aimsir an Chogaidh Chreidmhigh”. An Dubhaltach Mac Fhirbhisigh a lucht aitheantais agus polaitíocht an seachtú haois déag’ in Nua-Léamha: gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann c.1600–c.1900, in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha. An Clóchomhar.