Druid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Druid
Sturnus vulgaris sa Fhrainc
Sturnus vulgaris sa Fhrainc
Aicmiú eolaíoch
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Aicme:Aves
Ord:Passeriformes
Fine:Sturnidae

Is éan í an druid. Is baill d'fhine na Sturnidae iad. Dred a deirtear i mBriotáinis.

Tá cáil ag an druid mar aithriseoir; is féidir léi aithris a dhéanamh ar fhuaimeanna difriúla, nádúrtha agus saorga. Éan tréadúil is ea an druid, agus tagann siad le chéile in ealtaí móra le haghaidh fáitill, go háirithe sa gheimhreadh.

Tógann an druid a nead de ghéaga agus phlándaí, nó na acmhainní eile atá ar fáil, lena chleití mar chlúdach ann. Beireann an t-éan seo idir ceithre agus sé ubh i ngach éillín, le héillín amháin nó dhá éillín i rith an samhraidh. Maireann siad ar feadh cúig bliana ar meán.[1]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. O'Sullivan, Oran (2012). "Ireland's Garden Birds: How to Identify, Attract & Garden for Birds": 140-141. Corcaigh: Collins Press.