Droimluí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gluaiseacht na rí ina dtugtar bos na láimhe chun tosaigh don aghaidh agus an ordóg dírithe amach ón gcolainn. Sa suíomh seo, luíonn an ga is an t-ulna comhthreomhar le chéile. Is cumasaí ar fad an ghluaiseacht seo ná cromluí, agus de bhrí gur deasaigh iad móramh na ndaoine, bíonn snáithe deiseal ar scriúnna is i bhfeidhmeanna eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Droimluí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 223.